+Airteagal 50
---+Airteagal 50 1.
---+Airteagal 50 2.
---+Airteagal 50 3.
---+Airteagal 50 4.
---+Airteagal 50 5.
---+Airteagal 50 6.
---+Airteagal 50 7.
|
Airteagal 50
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 50 1.
|
Bunófar údarás a thugann fógra sa chaoi nach mbeidh aon choinbhleacht leasa ann leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta.
|
|
Airteagal 50 2.
|
Déanfar údarás a thugann fógra á eagrú agus a riar ar bhealach a chaomhnóidh oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a ghníomhaíochtaí.
|
|
Airteagal 50 3.
|
Eagrófar údarás a thugann fógra ar bhealach a áiritheoidh gur daoine inniúla, nach ionann iad agus na daoine a rinne an measúnú, a dhéanfaidh gach aon chinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt do chomhlacht um measúnú comhréireachta.
|
|
Airteagal 50 4.
|
Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh údarás a thugann fógra aon ghníomhaíocht a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta, ná aon seirbhís comhairleachta ar bhonn tráchtála ná ar bhonn iomaíoch.
|
|
Airteagal 50 5.
|
Déanfaidh údarás a thugann fógra rúndacht na faisnéise a gheobhaidh sé a choimirciú. Mar sin féin, malartóidh sé, arna iarraidh sin air, faisnéis faoi chomhlachtaí
►C2
dá dtugtar fógra ◄ leis an gCoimisiún, le comhlachtaí a thugann fógra sna Ballstáit eile agus le húdaráis náisiúnta ábhartha eile.
|
|
Airteagal 50 6.
|
Ní dhéanfaidh údarás a thugann fógra ach measúnú ar an gcomhlacht sonrach um measúnú comhréireachta a bhfuil iarratas ar fhógra á dhéanamh aige agus ní chuirfidh sé san áireamh acmhainneachtaí ná pearsanra na máthairchuideachtaí nó na gcomhchuideachtaí. Déanfaidh an t-údarás a thugann fógra measúnú ar an gcomhlacht sin i ndáil leis na ceanglais ábhartha uile agus na cúraimí um measúnú comhréireachta.
|
|
Airteagal 50 7.
|
Beidh fáil ag údarás a thugann fógra ar líon leordhóthanach daoine inniúla agus ar chistiú leordhóthanach chun a chuid cúraimí a dhéanamh mar is cuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|