|
+Airteagal 52 4. |
Airteagal 52 4.Ní dearthóir, monaróir, soláthraí, allmhaireoir, dáileoir, suiteálaí, ceannaitheoir, úinéir, úsáideoir ná cothabhálaí na dtáirgí a ndéanann siad measúnú orthu, ná ionadaí ar aon pháirtí de na páirtithe sin, a bheidh sa chomhlacht um measúnú comhréireachta, i mbainistíocht ardleibhéil an chomhlachta um measúnú comhréireachta ná sa phearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh. Ní choiscfidh sé sin táirgí a ndearnadh measúnú orthu a bhfuil gá leo i dtaca le hoibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta a úsáid ná na táirgí sin a úsáid chun críoch pearsanta. Ní bheidh comhlacht um measúnú comhréireachta, ardbhainistíocht an chomhlachta sin ná an pearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích rannpháirteach go díreach i ndearadh, monarú ná tógail, margaíocht, suiteáil, úsáid ná cothabháil na dtáirgí sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar na páirtithe a ghabhann do na gníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh teacht salach ar neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n-ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dtugtar fógra dóibh ina leith. Beidh feidhm ag an gceanglas sin go háirithe maidir le seirbhísí comhairliúcháin. Áiritheoidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a máthairchuideachtaí ná a gcomhchuideachtaí, a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, oibiachtúlacht ná neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta. Ní dhéanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta bunú agus maoirsiú nósanna imeachta inmheánacha, beartas ginearálta inmheánach, cód iompair inmheánach ná rialacha inmheánacha eile, sannadh a phearsanra do chúraimí sonracha ná na cinntí maidir le measúnú comhréireachta a tharmligean d’fhochonraitheoir ná d’fhochuideachta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|