+Airteagal 52
---+Airteagal 52 1.
---+Airteagal 52 2.
---+Airteagal 52 3.
---+Airteagal 52 4.
---+Airteagal 52 5.
---+Airteagal 52 6.
---+Airteagal 52 7.
---+Airteagal 52 8.
---+Airteagal 52 9.
---+Airteagal 52 10.
---+Airteagal 52 11.
---+Airteagal 52 12.

Airteagal 52

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 52 1.
Chun críoch fógra a thabhairt, comhlíonfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 go 12.
Airteagal 52 2.
Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta faoi dhlí náisiúnta Ballstáit agus beidh pearsantacht dhlíthiúil aige.
Airteagal 52 3.
Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí atá neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an táirge ar a ndéanann sé measúnú. Ní bheidh aon nasc gnó aige le heagraíochtaí a bhfuil leas acu sna táirgí a ndéanann sé measúnú orthu, go háirithe monaróirí, a gcomhpháirtithe trádála agus a n-infheisteoirí scairshealbhóireachta. Leis sin, ní chuirfear bac ar an gcomhlacht um measúnú comhréireachta gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh le haghaidh monaróirí atá in iomaíocht le chéile.
Airteagal 52 4.
Ní dearthóir, monaróir, soláthraí, allmhaireoir, dáileoir, suiteálaí, ceannaitheoir, úinéir, úsáideoir ná cothabhálaí na dtáirgí a ndéanann siad measúnú orthu, ná ionadaí ar aon pháirtí de na páirtithe sin, a bheidh sa chomhlacht um measúnú comhréireachta, i mbainistíocht ardleibhéil an chomhlachta um measúnú comhréireachta ná sa phearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh. Ní choiscfidh sé sin táirgí a ndearnadh measúnú orthu a bhfuil gá leo i dtaca le hoibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta a úsáid ná na táirgí sin a úsáid chun críoch pearsanta.

Ní bheidh comhlacht um measúnú comhréireachta, ardbhainistíocht an chomhlachta sin ná an pearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích rannpháirteach go díreach i ndearadh, monarú ná tógail, margaíocht, suiteáil, úsáid ná cothabháil na dtáirgí sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar na páirtithe a ghabhann do na gníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh teacht salach ar neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n-ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dtugtar fógra dóibh ina leith. Beidh feidhm ag an gceanglas sin go háirithe maidir le seirbhísí comhairliúcháin.

Áiritheoidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a máthairchuideachtaí ná a gcomhchuideachtaí, a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, oibiachtúlacht ná neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta.

Ní dhéanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta bunú agus maoirsiú nósanna imeachta inmheánacha, beartas ginearálta inmheánach, cód iompair inmheánach ná rialacha inmheánacha eile, sannadh a phearsanra do chúraimí sonracha ná na cinntí maidir le measúnú comhréireachta a tharmligean d’fhochonraitheoir ná d’fhochuideachta.

Airteagal 52 5.
Déanfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bpearsanra na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta leis an leibhéal is airde ionracais ghairmiúil agus an inniúlacht theicniúil is gá sa réimse sonrach. Beidh siad saor ó gach brú agus mealladh, go háirithe brú agus mealladh airgeadais, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine nó grúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.
Airteagal 52 6.
Beidh sé ar chumas comhlachta um measúnú comhréireachta na cúraimí ar fad um measúnú comhréireachta a shanntar dó faoin ngníomh tarmligthe ábhartha arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 agus ar tugadh fógra dó ina leith a chur i gcrích, gan beann an é an comhlacht um measúnú comhréireachta é féin a dhéanann na cúraimí sin nó an ndéantar iad thar a cheann agus faoina fhreagracht.

I dtaca le gach nós imeachta um measúnú comhréireachta agus gach cineál nó catagóir táirgí ar tugadh fógra don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith, beidh fáil ag an gcomhlacht i gcónaí orthu seo a leanas:

(a) 

an pearsanra is gá ag a bhfuil eolas teicniúil, agus taithí leordhóthanach agus iomchuí chun na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh;

(b) 

na tuairiscí is gá ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo a dhéantar an measúnú comhréireachta, lena n-áirithítear trédhearcacht agus inatáirgeacht na nósanna imeachta sin lena n-áirítear tuairisc ar conas a chomhfhreagraíonn an pearsanra ábhartha, a stádas agus a gcúraimí do na cúraimí um measúnú comhréireachta a bhfuil sé beartaithe ag an gcomhlacht fógra a fháil ina leith;

(c) 

beartais agus nósanna imeachta iomchuí chun idirdhealú a dhéanamh idir na cúraimí a dhéanann sé mar chomhlacht ►C2  dá dtugtar fógra ◄ agus a ghníomhaíochtaí eile;

(d) 

na nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí a chur i gcrích lena dtugtar aird chuí ar mhéid an ghnóthais, ar an earnáil ina bhfuil sé ag oibriú, ar a struchtúr, ar chastacht theicneolaíocht an táirge i gceist agus mais nó cineál srathach an phróisis táirgeachta.

Beidh aige na hacmhainní is gá chun na cúraimí teicniúla agus na cúraimí riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích ar shlí iomchuí agus beidh rochtain aige ar an trealamh nó na saoráidí uile is gá.

Airteagal 52 7.

Beidh an méid seo a leanas ag an bpearsanra a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireacha a chur i gcrích:

(a) 

oiliúint theicniúil agus ghairmiúil fhónta a chumhdaíonn na gníomhaíochtaí ar fad um measúnú comhréireachta a bhfuil fógra tugtha don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith;

(b) 

eolas sásúil ar cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leormhaith chun na measúnuithe sin a dhéanamh, lena n-áirítear eolas agus tuiscint iomchuí ar an reachtaíocht ábhartha, ar na ceanglais tástála, tomhais agus ríomha, ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme nó ar na sonraíochtaí coiteanna, agus ar fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo agus ar na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4;

(c) 

an cumas chun deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a tharraingt suas ina léirítear gur cuireadh measúnuithe i gcrích.

Airteagal 52 8.

Maidir leis an bpearsanra a bheidh freagrach as cinntí measúnaithe a dhéanamh:

(a) 

beidh siad fostaithe ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a thugann fógra;

(b) 

ní bheidh aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann acu;

(c) 

beidh siad inniúil ar na measúnuithe arna ndéanamh ag baill foirne, saineolaithe seachtracha nó fochonraitheoirí eile a fhíorú;

(d) 

beidh líon leordhóthanach acu ann chun leanúnachas gnó agus cur chuige comhsheasmhach i leith measúnuithe comhréireachta a áirithiú.

Airteagal 52 9.
Ráthófar neamhchlaontacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta, neamhchlaontacht ardbhainistíocht chomhlachta um measúnú comhréireachta agus neamhchlaontacht an phearsanra measúnúcháin.

Ní bheidh luach saothair ardbhainistíocht agus pearsanra measúnúcháin comhlachta um measúnú comhréireachta ag brath ar an líon measúnuithe a chuirfear i gcrích ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

Airteagal 52 10.
Rachaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoi árachas dliteanais, mura rud é go ngabhann an Ballstát dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó gurb é an Ballstát féin atá freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.
Airteagal 52 11.
Urramóidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus na cúraimí um measúnú comhréireachta á gcur i gcrích acu faoi na gníomhartha tarmligthe ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 4, ach amháin i ndáil leis na húdaráis a thugann fógra agus le húdaráis náisiúnta eile an Bhallstáit ina ndéantar a ghníomhaíochtaí. Déanfar cearta dílseánaigh a chosaint.
Airteagal 52 12.
Beidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta rannpháirteach sna gníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú, nó áiritheoidh siad go gcuirfear a bpearsanra measúnúcháin ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí sin, agus déanfaidh siad an treoir agus na moltaí ábhartha arna n-eisiúint ag coistí teicniúla inniúla na gcomhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú a chur san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.