Déanfar measúnuithe comhréireachta ar bhealach comhréireach agus seachnófar ualaí neamhriachtanacha a leagan ar oibreoirí eacnamaíocha. Déanfaidh comhlachtaí
►C2
dá dtugtar fógra
◄ a gcuid gníomhaíochtaí agus aird chuí á tabhairt acu ar mhéid fiontair, ar an earnáil ina bhfuil sé ag oibriú, ar a struchtúr, ar chastacht theicneolaíocht an táirge i gceist agus mais nó cineál srathach an phróisis táirgeachta.
Lena linn sin, beidh aird acu mar sin féin ar mhéid na déine agus ar leibhéal na cosanta a éilítear chun comhlíontacht an táirge leis na ceanglais ábhartha a áirithiú.