+Airteagal 60
---+Airteagal 60 1.
---+Airteagal 60 2.
---+Airteagal 60 3.
---+Airteagal 60 4.
---+Airteagal 60 5.
|
Airteagal 60
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 60 1.
|
Déanfaidh comhlachtaí
►C2
dá dtugtar fógra ◄ measúnuithe comhréireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4.
|
|
Airteagal 60 2.
|
Déanfar measúnuithe comhréireachta ar bhealach comhréireach agus seachnófar ualaí neamhriachtanacha a leagan ar oibreoirí eacnamaíocha. Déanfaidh comhlachtaí
►C2
dá dtugtar fógra ◄ a gcuid gníomhaíochtaí agus aird chuí á tabhairt acu ar mhéid fiontair, ar an earnáil ina bhfuil sé ag oibriú, ar a struchtúr, ar chastacht theicneolaíocht an táirge i gceist agus mais nó cineál srathach an phróisis táirgeachta. Lena linn sin, beidh aird acu mar sin féin ar mhéid na déine agus ar leibhéal na cosanta a éilítear chun comhlíontacht an táirge leis na ceanglais ábhartha a áirithiú.
|
|
Airteagal 60 3.
|
I gcás ina bhfionnfaidh comhlacht
►C2
dá dtugtar fógra ◄ nach bhfuil na ceanglais ábhartha ná na caighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagracha, na sonraíochtaí coiteanna ná sonraíochtaí teicniúla eile á gcomhlíonadh ag monaróir, ceanglóidh sé ar an monaróir sin bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh d’fhonn measúnú comhréireachta críochnaitheach a dhéanamh, mura rud é nach féidir na heasnaimh a leigheas, arb amhlaidh, sa chás sin, nach ndéanfaidh sé deimhniú ná cinneadh formheasa a eisiúint.
|
|
Airteagal 60 4.
|
Más rud é, le linn an fhaireacháin ar chomhréireacht tar éis deimhniú a eisiúint i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 nó tar éis cinneadh formheasa a eisiúint, go bhfionnfaidh comhlacht
►C2
dá dtugtar fógra ◄ nach bhfuil táirge ná an monaróir comhlíontach nó comhlíontach a thuilleadh, ceanglóidh sé ar an monaróir bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus déanfaidh sé an deimhniú nó an cinneadh formheasa a chur ar fionraí nó a tharraingt siar más gá.
|
|
Airteagal 60 5.
|
I gcás nach ndéantar bearta ceartaitheacha nó nach bhfuil an éifeacht is gá leo, déanfaidh an comhlacht
►C2
dá dtugtar fógra ◄ aon deimhniú nó cinneadh formheasa a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|