+Airteagal 74
---+Airteagal 74 1.
---+Airteagal 74 2.
---+Airteagal 74 3.
|
Airteagal 74
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 74 1.
|
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin, gan mhoill, agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
|
|
Airteagal 74 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aird chuí ar an nithe seo a leanas sna pionóis a bhunófar de bhun an Airteagail seo:
(a)
cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe;
(b)
i gcás inarb iomchuí, cineál an tsáraithe a bheith déanta d’aon ghnó nó le faillí;
(c)
staid airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach;
(d)
na sochair eacnamaíocha arna n-eascairt as an sárú don duine nádúrtha nó dlítheanach a mheastar a bheith freagrach, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(e)
an damáiste don chomhshaol de dheasca an tsáraithe;
(f)
aon ghníomhaíocht arna déanamh ag an duine nádúrtha nó dlítheanach a mheastar a bheith freagrach chun an damáiste arna dhéanamh a mhaolú nó a leigheas;
(g)
cineál athdhéanta nó aonair an tsáraithe;
(h)
aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme maidir le cúinsí an cháis.
|
|
Airteagal 74 3.
|
Beidh na Ballstáit in ann, ar a laghad, na pionóis seo a leanas a fhorchur i gcás ina ndéantar sáruithe ar an Rialachán seo:
(b)
eisiamh atá teoranta ó thaobh ama de ó nósanna imeachta soláthair phoiblí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|