|
+IARSCRÍBHINN I Paraiméadair tháirge |
IARSCRÍBHINN I Paraiméadair tháirge
IARSCRÍBHINN I Paraiméadair tháirge Déanfar na paraiméadair seo a leanas, de réir mar is iomchuí, agus i gcás inar gá arna bhforlíonadh le paraiméadair eile, a úsáid, ar bhonn aonair nó in éineacht, mar bhonn chun feabhas a chur ar na gnéithe táirge seo a leanas:
(a)
marthanacht agus iontaofacht an táirge nó a chomhpháirteanna mar a léirítear trí shaolré ráthaithe an táirge, saolré teicniúil an táirge, meán-am an táirge idir teipeanna, léiriú an táirge ar fhaisnéis fíorúsáide maidir leis an táirge, frithsheasmhacht an táirge in aghaidh strus nó meicníochtaí aosaithe;
(b)
éascaíocht deisithe agus cothabhála, mar a leirítear trí shaintréithe, infhaighteacht, aga seachadta agus inacmhainneacht páirteanna spártha, modúlacht, comhoiriúnacht le huirlisí agus le páirteanna spártha atá ar fáil go coiteann, infhaighteacht treoracha deisiúcháin agus cothabhála, an líon ábhar agus comhpháirteanna a úsáidtear, úsáid comhpháirteanna caighdeánacha, úsáid caighdeán códúcháin comhpháirteanna agus ábhar maidir le sainaithint na gcomhpháirteanna agus na n-ábhar, líon agus castacht na bpróiseas agus cibé an bhfuil gá le huirlisí speisialaithe, éascaíocht díchóimeála agus athchóimeála neamhscriosaí, coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí táirge, coinníollacha maidir le rochtain ar chrua-earraí agus ar bhogearraí a bhfuil gá leo nó maidir lena n-úsáid;
(c)
éascaíocht uasghrádaithe, athúsáide, athmhonaraithe agus athchóirithe mar a léirítear trí na nithe seo a leanas: an líon ábhar agus comhpháirteanna a úsáidtear, úsáid comhpháirteanna caighdeánacha, úsáid caighdeán códúcháin comhpháirteanna agus ábhar maidir le sainaithint na gcomhpháirteanna agus na n-ábhar, líon agus castacht na bpróiseas agus na n-uirlisí a bhfuil gá leo, díchóimeáil agus athchóimeáil neamhscriosach a éascú, coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí táirge, coinníollacha maidir le rochtain ar chrua-earraí agus ar bhogearraí a bhfuil gá leo nó maidir le húsáid a bhaint astu, coinníollacha maidir le rochtain ar phrótacail tástála nó ar threalamh tástála nach bhfuil ar fáil go coiteann, infhaighteacht ráthaíochtaí atá sonrach do tháirgí athmhonaraithe nó athchóirithe, coinníollacha maidir le rochtain ar theicneolaíochtaí atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla nó maidir le húsáid a bhaint astu, módúlacht;
(d)
an dearadh don athchúrsáil, éascaíocht agus cáilíocht na hathchúrsála mar a léirítear trí na nithe seo a leanas: úsáid ábhar atá éasca le hathchúrsáil, rochtain shábháilte, éasca agus neamhscriosach ar chomhpháirteanna agus ábhair in-athchúrsáilte nó ar chomhpháirteanna agus ábhair a bhfuil substaintí guaiseacha iontu agus comhdhéanamh agus aonchineálacht ábhair, an fhéidearthacht sórtáil ardíonachta a dhéanamh, an líon ábhar agus comhpháirteanna a úsáidtear, úsáid comhpháirteanna caighdeánacha, úsáid caighdeán códúcháin comhpháirteanna agus ábhar maidir le sainaithint na gcomhpháirteanna agus na n-ábhar, líon agus castacht na bpróiseas agus na n-uirlisí a bhfuil gá leo, díchóimeáil agus athchóimeáil neamhscriosach a éascú, coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí táirge, coinníollacha maidir le rochtain ar chrua-earraí agus ar bhogearraí a bhfuil gá leo nó maidir le húsáid a bhaint astu;
(e)
réitigh theicniúla atá díobhálach d’athúsáid, uasghrádú, deisiú, cothabháil, athchóiriú, athmhonarú agus athchúrsáil táirgí agus comhpháirteanna a sheachaint;
(f)
úsáid substaintí, agus go háirithe úsáid substaintí arb údar imní iad, leo féin, mar chomhábhair de shubstaintí nó i meascáin, le linn phróiseas táirgthe na dtáirgí, nó as a dtagann a láithreacht i dtáirgí, lena n-áirítear a luaithe a bhíonn na táirgí sin ina ndramhaíl, agus a dtionchair ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol;
(g)
úsáid nó ídiú fuinnimh, uisce agus acmhainní eile in aon chéim saolré amháin nó níos mó den táirge, lena n-áirítear éifeacht tosca fisiceacha nó nuashonruithe bogearraí agus dochtearraí ar éifeachtúlacht táirgí agus lena n-áirítear an tionchar ar dhífhoraoisiú;
(h)
úsáid nó cion ábhar athchúrsáilte agus aisghabháil ábhar, lena n-áirítear amhábhair chriticiúla;
(i)
úsáid nó cion ábhar in-athnuaite inbhuanaithe;
(j)
meáchan agus toirt an táirge agus a phacáistíochta, agus an cóimheas idir táirge agus pacáistíocht;
(k)
ionchorprú comhpháirteanna úsáidte;
(l)
cainníocht, saintréithe agus infhaighteacht na dtomhaltán is gá le haghaidh úsáid agus cothabháil chuí mar a léirítear, inter alia, trí thoradh, saolré theicniúil, cumas athúsáide, deisithe agus athmhonaraithe, éifeachtúlacht mhór-acmhainne, agus idir-inoibritheacht;
(m)
lorg comhshaoil an táirge, arna shloinneadh mar chainníochtú, i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe is infheidhme, ar thionchair an tairge ar an gcomhshaol ar feadh a shaolré, bíodh sé sin i ndáil le catagóir tionchair comhshaoil amháin nó níos mó nó i ndáil le tacar comhiomlánaithe catagóirí tionchair;
(n)
lorg carbóin an táirge;
(o)
lorg ábhair an táirge;
(p)
scaoileadh micreaphlaisteach agus nanaphlaisteach mar a léirítear trí scaoileadh le linn céimeanna ábhartha de shaolré an táirge, lena n-áirítear céim na monaraíochta, céim an iompair, céim na húsáide agus céim an deiridh ré;
(q)
astaíochtaí san aer, san uisce agus san ithir a scaoiltear in aon chéim saolré amháin nó níos mó den táirge mar a léirítear trí chainníochtaí agus cineál na n-astaíochtaí, lena n-áirítear torann;
(r)
méideanna dramhaíola a ghintear, lena n-áirítear dramhaíl phlaisteach agus dramhaíl ó phacáistíocht agus a n-éascaíocht athúsáide, agus méideanna dramhaíola guaisí a ghintear;
(s)
feidhmíocht fheidhmiúil agus coinníollacha úsáide, lena n-áirítear mar a léirítear tríd an gcumas an úsáid atá beartaithe di a fheidhmiú, réamhchúraimí úsáide, na scileanna is gá agus comhoiriúnacht le táirgí nó córais eile;
(t)
dearadh éadrom mar a léirítear trí thomhaltas ábhair a laghdú, barrfheabhsú ualaigh agus struis struchtúr, comhtháthú feidhmeanna laistigh den ábhar nó i gcomhpháirt táirge aonair, úsáid ábhar dlúis ísil nó ardnirt agus ábhar hibrideach, maidir le coigilteas ábhair, athchúrsáil agus gnéithe ciorclaíochta eile, agus laghdú dramhaíola. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|