1. Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le hastaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh san Aontas a thomhas, a chainníochtú, a thuairisciú agus a fhíorú go gcruinn, maidir le faireachán cruinn a dhéanamh orthu, agus maidir le laghdú na n-astaíochtaí sin, lena n-áirítear trí shuirbhéanna braite agus deisithe sceití, oibleagáidí deisiúcháin agus srianta ar scaoileadh agus bladhmadh. Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin rialacha maidir le huirlisí lena n-áirithítear trédhearcacht i ndáil le hastaíochtaí meatáin.