1. Agus comhshocrú nó formheas á dhéanamh ar na taraifí nó na modheolaíochtaí atá le húsáid ag oibreoirí córais tarchurtha, oibreoirí córais dáileacháin, oibreoirí saoráide GNL nó eintitis rialáilte eile, lena n-áirítear, nuair is infheidhme, oibreoirí stórála gáis faoi thalamh, tabharfaidh na húdaráis rialála faoi Airteagal 57 de Threoir (AE) 2019/944 agus Caibidil X de Threoir (AE) 2024/1788 aird ar na costais a tabhaíodh agus na hinfheistíochtaí a rinneadh chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, sa mhéid go bhfreagraíonn siad do chostais eintitis rialáilte atá éifeachtúil agus a bhfuil struchtúr inchomparáide aige agus go bhfuil siad trédhearcach.
Féadfaidh na húdaráis rialála na costais infheistíochta aonaid dá dtagraítear i mír 2 a úsáid chun na costais arna dtabhú ag oibreoirí a thagarmharcáil.