2. Gach 3 bliana, déanfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) tacar táscairí agus luachanna tagartha comhfhreagracha a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí le comparáid a dhéanamh idir na costais infheistíochta aonaid a bhaineann le hastaíochtaí meatáin a thomhas, a chainníochtú, a fhaire, a thuairisciú, a fhíorú agus a laghdú, lena n-áirítear trí sceitheadh, scaoileadh nó bladhmadh, le haghaidh tionscadail inchomparáide.
Soláthróidh na húdaráis rialála ábhartha dá dtagraítear i mír 1 agus na heintitis rialáilte ábhartha na sonraí uile is gá le haghaidh na comparáide dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo do ACER.