2. Áireofar sna cigireachtaí, i gcás inarb ábhartha, seiceálacha ar láithreáin nó iniúchtaí allamuigh, scrúdú ar dhoiciméid agus ar thaifid a léiríonn comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo, brath agus tomhas astaíochtaí meatáin agus aon ghníomhaíocht leantach a ghabhann na húdaráis inniúla de láimh nó a ghabhtar de láimh thar a gceann chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a sheiceáil agus a chur chun cinn.
I gcás ina bhfuil cigireacht tar éis sárú tromchúiseach ar an Rialachán seo a shainaithint, eiseoidh na húdaráis inniúla fógra, mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear i mír 5, maidir le bearta ceartaitheacha a bheidh le déanamh ag an oibreoir, ag an ngnóthas, ag an oibreoir mianaigh nó ag an allmhaireoir, agus spriocdhátaí soiléire á leagan amach le haghaidh na mbeart sin.
De rogha air sin, féadfaidh na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh iarraidh ar an oibreoir, ar an ngnóthas, ar an oibreoir mianaigh nó ar an allmhaireoir sraith beart ceartaitheach lena dtugtar aghaidh ar na sáruithe tromchúiseacha atá sainaitheanta acu a chur faoi bhráid an údaráis inniúil ábhartha lena bhformheas laistigh de mhí amháin ón dáta a chríochnaigh an chigireacht. Áireofar na gníomhaíochtaí sin sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 5.