+Airteagal 6 Cigireachtaí
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
---+Airteagal 6 4
---+Airteagal 6 5
---+Airteagal 6 6
---+Airteagal 6 7
|
Airteagal 6 Cigireachtaí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1
|
1. Áireofar sna cigireachtaí cigireachtaí rialta i gcás oibreoirí agus oibreoirí mianaigh agus cigireachtaí neamhrialta i gcás oibreoirí, gnóthas, oibreoirí mianaigh agus allmhaireoirí, faoi mar a leagtar amach san Airteagal seo.
|
|
Airteagal 6 2
|
2. Áireofar sna cigireachtaí, i gcás inarb ábhartha, seiceálacha ar láithreáin nó iniúchtaí allamuigh, scrúdú ar dhoiciméid agus ar thaifid a léiríonn comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo, brath agus tomhas astaíochtaí meatáin agus aon ghníomhaíocht leantach a ghabhann na húdaráis inniúla de láimh nó a ghabhtar de láimh thar a gceann chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a sheiceáil agus a chur chun cinn.
I gcás ina bhfuil cigireacht tar éis sárú tromchúiseach ar an Rialachán seo a shainaithint, eiseoidh na húdaráis inniúla fógra, mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear i mír 5, maidir le bearta ceartaitheacha a bheidh le déanamh ag an oibreoir, ag an ngnóthas, ag an oibreoir mianaigh nó ag an allmhaireoir, agus spriocdhátaí soiléire á leagan amach le haghaidh na mbeart sin.
De rogha air sin, féadfaidh na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh iarraidh ar an oibreoir, ar an ngnóthas, ar an oibreoir mianaigh nó ar an allmhaireoir sraith beart ceartaitheach lena dtugtar aghaidh ar na sáruithe tromchúiseacha atá sainaitheanta acu a chur faoi bhráid an údaráis inniúil ábhartha lena bhformheas laistigh de mhí amháin ón dáta a chríochnaigh an chigireacht. Áireofar na gníomhaíochtaí sin sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 5.
|
|
Airteagal 6 3
|
3. Críochnófar an chéad chigireacht rialta faoin 5 Bealtaine 2026 . Tar éis na chéad chigireachta rialta, déanfaidh na húdaráis inniúla cláir a tharraingt suas le haghaidh cigireachtaí rialta bunaithe ar mheasúnú riosca. Féadfaidh an t-údarás inniúil raon feidhme agus minicíocht na gcigireachtaí rialta a chinneadh, bunaithe ar mheasúnú ar na rioscaí a bhaineann le gach láithreán, cuir i gcás an riosca comhshaoil, lena n-áirítear tionchar carnach na n-astaíochtaí meatáin uile mar thruailleán, agus na rioscaí do shábháilteacht an duine agus don tsláinte, chomh maith le haon sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithnítear.
Ní bheidh an tréimhse idir na cigireachtaí níos faide ná 3 bliana. I gcás ina bhfuil cigireacht tar éis sárú tromchúiseach ar an Rialachán seo a shainaithint, déanfar an chigireacht ina dhiaidh sin laistigh de 10 mí.
|
|
Airteagal 6 4
|
4. Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, déanfaidh na húdaráis inniúla cigireachtaí neamhrialta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
gearáin a bhfuil bunús leo, dá dtagraítear in Airteagal 7, agus teagmhais neamhchomhlíonta a imscrúdú a luaithe is féidir tar éis an dáta a thagann na húdaráis inniúla ar an eolas faoi na gearáin nó na teagmhais neamhchomhlíonta sin agus tráth nach déanaí ná 10 mí tar éis an dáta sin;
|
|
(b)
|
a áirithiú, i gcás ina measann na húdaráis inniúla go bhfuil sé sin ábhartha, go ndearnadh comhpháirteanna a dheisiú nó a athsholáthar i gcomhréir le hAirteagal 14 agus gur cuireadh bearta maolúcháin chun feidhme i gcomhréir le hAirteagail 18, 22 agus 26;
|
|
(c)
|
comhlíontacht a áirithiú i gcás inar deonaíodh maolú faoi Airteagal 14(5);
|
|
(d)
|
a fhíorú, i gcás ina measann na húdaráis inniúla go bhfuil sé sin ábhartha, go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag gnóthais agus allmhaireoirí.
|
|
|
Airteagal 6 5
|
5. I ndiaidh gach cigireachta ullmhóidh na húdaráis inniúla tuarascáil ina sonrófar bunús dlí na cigireachta, na céimeanna den nós imeachta a leanadh, na torthaí ábhartha agus moltaí le haghaidh tuilleadh gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh ag an oibreoir, ag an ngnóthas, ag an oibreoir mianaigh nó ag an allmhaireoir, lena n-áirítear na spriocdhátaí dá gcur chun feidhme.
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis inniúla tuarascáil amháin a ullmhú lena gcumhdófar cigireachtaí éagsúla ar shócmhainní, láithreáin nó comhpháirteanna an oibreora, an ghnóthais, an oibreora mianaigh nó an allmhaireora chéanna ar choinníoll go ndéanfar na cigireachtaí sin roimh an gcéad chigireacht rialta eile.
Tabharfar fógra maidir leis an tuarascáil don oibreoir, don ghnóthas, don oibreoir mianaigh nó don allmhaireoir lena mbaineann agus cuirfear ar fáil go poiblí í laistigh de 2 mhí ó dháta na cigireachta. I gcás inar ghearán a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 7 ba shiocair leis an gcigireacht, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don ghearánach nuair a bheidh an tuarascáil ar fáil go poiblí.
Cuirfidh na húdaráis inniúla an tuarascáil ar fáil go poiblí i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE. I gcás ina gcoinnítear faisnéis siar ar cheann amháin nó níos mó de na forais dá dtagraítear in Airteagal 4 den Treoir sin, sonróidh na húdaráis inniúla an cineál faisnéise a coinníodh siar agus na cúiseanna leis sin.
|
|
Airteagal 6 6
|
6. I gcás ina mbainfear de thátal as an tuarascáil dá dtagraítear i mír 5 nach gcomhlíonann an t-oibreoir, an gnóthas, an t-oibreoir mianaigh nó an t-allmhaireoir ceanglais an Rialacháin seo, déanfaidh an t-oibreoir, an gnóthas, an t-oibreoir mianaigh nó an t-allmhaireoir sin gach beart is gá chun a chuid oibríochtaí a chur i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfar na gníomhaíochtaí gan mhoill laistigh den tréimhse arna leagan amach ag na húdaráis inniúla.
|
|
Airteagal 6 7
|
7. Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe foirmiúla a dhéanamh le hinstitiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí nó seirbhísí ábhartha de chuid an Aontais nó le Ballstáit eile nó le heagraíochtaí idir-rialtasacha nó comhlachtaí poiblí ábhartha eile, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, chun saineolas speisialaithe a sholáthar chun tacú lena n-údaráis inniúla na cúraimí a shanntar dóibh leis an Airteagal seo a chur i gcrích.
Chun críocha na míre seo, ní mheasfar eagraíocht idir-rialtasach nó comhlacht poiblí a bheith oiriúnach i gcás ina bhféadfaí a oibiachtúlacht a bheith i mbaol mar gheall ar choinbhleacht leasa.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1787
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|