3. I gcás inar léir nach dtugtar dóthain fianaise leis an ngearán chun údar a thabhairt le himscrúdú, cuirfidh na húdaráis inniúla an gearánach ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnach ama, ach tráth nach déanaí ná 2 mhí ón ngearán a fháil, maidir leis na cúiseanna lena gcinneadh gan imscrúdú a thionscnamh.
Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcás ina ndéanfar gearáin nach bhfuil bunús leordhóthanach leo a thaisceadh arís agus arís eile agus ar an gcúis sin ina measfaidh na húdaráis inniúla iad a bheith mí-úsáideach.