2. Agus na gníomhaíochtaí fíorúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á ndéanamh acu, úsáidfidh na fíoraitheoirí na caighdeáin agus na saintreoracha teicniúla, de réir mar is infheidhme, le haghaidh astaíochtaí meatáin a thomhas agus a chainníochtú, agus le haghaidh maolú arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 32.
Go dtí dáta chur i bhfeidhm na gcaighdeán agus na saintreoracha teicniúla sin, tabharfaidh oibreoirí, gnóthais, oibreoirí mianaigh agus allmhaireoirí, de réir mar is infheidhme, faisnéis do na fíoraitheoirí maidir leis na caighdeáin ábhartha, lena n-áirítear caighdeáin Eorpacha nó caighdeáin idirnáisiúnta eile, nó na modheolaíochtaí ábhartha arna n-úsáid acu, chun críche gníomhaíochtaí fíorúcháin.
Áireofar freisin ar na gníomhaíochtaí fíorúcháin, i gcás inarb ábhartha, seiceálacha ar láithreáin, le réamhfhógra agus gan réamhfhógra, chun iontaofacht, creidiúnacht agus cruinneas na bhfoinsí sonraí agus na modheolaíochtaí a úsáidtear a mheas.