4. Más rud é, tar éis mheasúnú an fhíoraitheora, go gcinneann an fíoraitheoir, le dearbhú réasúnach, go gcomhlíonann an tuarascáil astaíochtaí ceanglais an Rialacháin seo, eiseoidh an fíoraitheoir ráiteas fíorúcháin lena ndearbhaítear comhréireacht na tuarascála astaíochtaí agus ina sonrófar na gníomhaíochtaí fíorúcháin a rinneadh.
Ní eiseoidh an fíoraitheoir ráiteas fíorúcháin ach amháin i gcás inar féidir na hastaíochtaí meatáin a chinneadh le méid réasúnta cinnteachta le sonraí agus faisnéis iontaofa, inchreidte agus chruinn agus ar an gcoinníoll go bhfuil na sonraí tuairiscithe ag teacht leis na sonraí sealadacha, foriomlán agus comhleanúnach.
Más rud é, tar éis mheasúnú an fhíoraitheora, go gcinneann an fíoraitheoir nach gcomhlíonann an tuarascáil astaíochtaí ceanglais an Rialacháin seo, cuirfidh an fíoraitheoir an t-oibreoir, an gnóthas, an t-oibreoir mianaigh nó an t-allmhaireoir ar an eolas faoi sin agus tabharfaidh an fíoraitheoir aiseolas réasúnaithe don oibreoir, don ghnóthas, don oibreoir mianaigh nó don allmhaireoir i bhfianaise na gcaighdeán aitheanta. Cuirfidh an t-oibreoir, an gnóthas, an t-oibreoir mianaigh nó an t-allmhaireoir tuarascáil athbhreithnithe astaíochtaí faoi bhráid an fhíoraitheora gan mhoill agus roimh an spriocdháta arna leagan síos ag an bhfíoraitheoir.