+Airteagal 14 2
|
Airteagal 14 2
2. Tionscnóidh oibreoirí an chéad suirbhé LDAR de chineál 2 ar na comhpháirteanna uile atá faoina gcúram i gcomhréir le clár LDAR a luaithe is féidir ón 4 Lúnasa 2024.
In aon chás, déanfaidh oibreoirí an chéad suirbhé LDAR de chineál 2 faoin 5 Lúnasa 2025 maidir le láithreáin atá ann cheana. Gan dochar do na minicíochtaí a bhunaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I, féadfaidh oibreoirí suirbhéanna LDAR de chineál 2 a dhéantar idir an 3 Lúnasa 2022 agus an 4 Lúnasa 2024 a mheas mar an chéad suirbhé LDAR de chineál 2.
Laistigh de 9 mí ón dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí láithreán nua, déanfaidh oibreoirí an chéad suirbhé LDAR de chineál 2 ar na comhpháirteanna uile atá faoina gcúram i gcomhréir le clár LDAR.
Tar éis dóibh an chéad suirbhé LDAR de chineál 2 a dhéanamh, déanfaidh oibreoirí suirbhéanna LDAR de chineál 1 agus de chineál 2 leis na minicíochtaí seo a leanas:
|
(a)
|
maidir le comhpháirteanna os cionn talún agus faoi thalamh, cé is moite de ghréasáin dáileacháin agus tarchurtha, i gcomhréir leis na híosmhinicíochtaí a leagtar amach i gCuid 1, pointe 1, d’Iarscríbhinn I;
|
|
(b)
|
maidir le comhpháirteanna na ngréasán dáileacháin agus tarchurtha, i gcomhréir leis na híosmhinicíochtaí a leagtar amach i gCuid 1, pointe 2, d’Iarscríbhinn I;
|
|
(c)
|
maidir le gach comhpháirt amach ón gcósta, i gcomhréir leis na híosmhinicíochtaí a leagtar amach i gCuid 1, pointe 3, d’Iarscríbhinn I;
|
|
(d)
|
maidir le gach comhpháirt eile, i gcomhréir leis na híosmhinicíochtaí a leagtar amach i g Cuid 1, pointe 4, d’Iarscríbhinn I.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1787
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|