5. De mhaolú ar an gceathrú fomhír de mhír 2 den Airteagal seo, i gcás ina soláthraíonn oibreoirí a tháirgeann nó a phróiseálann ola nó gás nádúrtha fianaise, ar bhonn tomhas ón 5 bliana roimhe sin atá tuairiscithe ag na hoibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 12 agus atá fíoraithe ag fíoraitheoir, go bhfuil níos lú ná 1 % dá gcomhpháirteanna agus dá bhfo-chomhpháirteanna uile i ngach láithreán ag sceitheadh agus gur lú na hastaíochtaí meatáin comhiomlánaithe a eascraíonn as an sceitheadh sin ná 0,08 % de thoirt iomlán an gháis nó 0,015 % de mhais iomlán na hola a próiseáladh nó a eastóscadh, d’fhéadfaí minicíochtaí éagsúla suirbhé LDAR ar chomhpháirteanna ar láithreáin nár sainaithníodh aon sceitheadh iontu a chur i bhfeidhm, faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil agus ar choinníoll:
|
(a)
|
go ndéantar suirbhéanna braite agus deisithe sceite de Chineál 1 ar gach comhpháirt ag suíomhanna próiseála gach 12 mhí ar a laghad;
|
|
(b)
|
go ndéantar suirbhéanna LDAR de chineál 2 gach 12 mhí ar 25 % ar a laghad de na comhpháirteanna uile ag suíomhanna próiseála, agus go ndéantar na comhpháirteanna uile a sheiceáil gach 48 mí ar a laghad;
|
|
(c)
|
go déantar suirbhéanna LDAR de chineál 1 ar gach comhpháirt ag suíomhanna táirgeachta gach 36 mhí ar a laghad;
|
|
(d)
|
go déantar suirbhéanna LDAR de chineál 2 ar gach comhpháirt ag suíomhanna próiseála gach 60 mí ar a laghad.
|
Más rud é, tar éis na suirbhéanna LDAR a dhéantar i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, go bhfuil 1 % nó níos mó de na comhpháirteanna agus na fo-chomhpháirteanna uile i ngach láithreán ag sceitheadh nó gurb ionann na hastaíochtaí meatáin comhiomlánaithe atá bainteach leis an sceitheadh sin agus níos mó ná 0,08 % de thoirt iomlán an gháis nó 0,015 % de mhais iomlán amhola a próiseáladh nó a eastóscadh, beidh an t-oibreoir lena mbaineann faoi réir na n-oibleagáidí faoi mhír 2 ag an láithreán sin.
Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don Choimisiún faoi na maoluithe a dheonaítear de bhun na míre seo agus déanfaidh sé cigireachtaí neamhrialta dá dtagraítear in Airteagal 6(4).