1. Cuirfidh oibreoirí na húdaráis inniúla ar an eolas faoi theagmhais scaoilte agus bhladhmtha:
|
(a)
|
arb é éigeandáil nó mífheidhm is cúis leo; nó
|
|
(b)
|
atá ar siúl ar feadh 8 n-uair an chloig nó níos mó laistigh de thréimhse 24 uair an chloig ó theagmhas aonair.
|
Tabharfar an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan mhoill tar éis an teagmhais agus laistigh de 48 n-uair an chloig ón tráth a thosaigh an teagmhas nó ón tráth a tháinig an t-oibreoir ar an eolas faoi ar a dhéanaí, i gcomhréir leis na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, déanfar bladhmadh rialaithe a tharlaíonn le linn múchta córais a thuairisciú sa tuarascáil bhliantúil.