1. Faoin 5 Lúnasa 2025, déanfaidh na Ballstáit fardal na dtoibreacha neamhghníomhacha, na dtoibreacha atá líonta go sealadach agus na dtoibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe go léir atá ar a gcríoch nó faoina ndlínse ar a bhfuil taifead a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí nó i gcás ina mbeidh faisnéis nó fianaise maidir lena suíomh ar fáil nó i gcás inar féidir an áit ina bhfuil siad lonnaithe a shainaithint le gach iarracht réasúnta. Beidh san fhardal sin na heilimintí a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V ar a laghad.
Déanfaidh na Ballstáit an fardal sin a chothabháil agus a choinneáil cothrom le dáta, lena n-áirítear trí gach iarracht réasúnach a dhéanamh chun gach tobar neamhghníomhach sainaitheanta, toibreacha atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe ar a gcríoch nó faoina ndlínse a aimsiú agus a dhoiciméadú, bunaithe ar mheasúnú láidir agus na torthaí eolaíocha is cothroime le déanaí agus na teicnící is fearr atá ar fáil á gcur san áireamh.