+Airteagal 18 Toibreacha neamhghníomhacha, toibreacha atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe
---+Airteagal 18 1
---+Airteagal 18 2
---+Airteagal 18 3
---+Airteagal 18 4
---+Airteagal 18 5
---+Airteagal 18 6
---+Airteagal 18 7
---+Airteagal 18 8
---+Airteagal 18 9
---+Airteagal 18 10
---+Airteagal 18 11
---+Airteagal 18 12
|
Airteagal 18 Toibreacha neamhghníomhacha, toibreacha atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1
|
1. Faoin 5 Lúnasa 2025, déanfaidh na Ballstáit fardal na dtoibreacha neamhghníomhacha, na dtoibreacha atá líonta go sealadach agus na dtoibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe go léir atá ar a gcríoch nó faoina ndlínse ar a bhfuil taifead a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí nó i gcás ina mbeidh faisnéis nó fianaise maidir lena suíomh ar fáil nó i gcás inar féidir an áit ina bhfuil siad lonnaithe a shainaithint le gach iarracht réasúnta. Beidh san fhardal sin na heilimintí a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V ar a laghad.
Déanfaidh na Ballstáit an fardal sin a chothabháil agus a choinneáil cothrom le dáta, lena n-áirítear trí gach iarracht réasúnach a dhéanamh chun gach tobar neamhghníomhach sainaitheanta, toibreacha atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe ar a gcríoch nó faoina ndlínse a aimsiú agus a dhoiciméadú, bunaithe ar mheasúnú láidir agus na torthaí eolaíocha is cothroime le déanaí agus na teicnící is fearr atá ar fáil á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 18 2
|
2. De mhaolú ar mhír 1, maidir leis na Ballstáit a thugann fógra don Choimisiún i dtaobh fianaise a léiríonn go bhfuil 40 000 tobar nó níos mó taifeadta ar a gcríoch nó faoina ndlínse, bíodh na toibreacha sin neamhghníomhach, líonta go sealadach nó líonta go buan agus tréigthe, féadfaidh siad plean a ghlacadh chun an fardal dá dtagraítear i mír 1 a chomhlánú agus chun astaíochtaí meatáin a chainníochtú nó chun a léiriú nach bhfuil aon astaíochtaí meatáin ann, de réir mar is infheidhme, i ndáil leis na toibreacha sin, lena n-áirítear ar a laghad na heilimintí a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V, agus é a chur ar fáil go poiblí, ar choinníoll:
|
(a)
|
faoin 5 Lúnasa 2025, áirítear ar a laghad 20 % de na toibreacha sin san fhardal lena dtugtar tús áite do thoibreacha neamhghníomhacha agus do thoibreacha atá líonta go sealadach;
|
|
(b)
|
faoin 5 Lúnasa 2026, go n-áirítear ar a laghad 40 % de na toibreacha sin san fhardal;
|
|
(c)
|
gach 12 mhí tar éis 5 Lúnasa 2026, go n-áirítear ar a laghad 15 % breise de na toibreacha sin san fhardal;
|
|
(d)
|
go n-áireofar gach tobar san fhardal faoin 5 Lúnasa 2030.
|
Beidh an plean sin faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil.
|
|
Airteagal 18 3
|
3. Gan dochar do mhír 4, cuirfear tuarascálacha ina bhfuil faisnéis maidir le cainníochtú astaíochtaí meatáin agus, i gcás inarb ann do threalamh faireacháin brú, faisnéis ar fhaireachán brú ó gach tobar neamhghníomhach agus gach tobar atá líonta go sealadach, cuirfear iad faoi bhráid na n-údarás inniúil faoin 5 Bealtaine 2026 agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin.
Áireofar sna tuarascálacha sin cainníochtú ar astaíochtaí meatáin isteach san aer agus san uisce agus faisnéis maidir le faireachán ar bhrú, i gcás inarb infheidhme, agus úsáid á baint as na caighdeáin nó na saintreoracha teicniúla arna mbunú faoi Airteagal 32. Go dtí dáta chur i bhfeidhm na gcaighdeán nó na saintreoracha teicniúla sin, leanfaidh na hoibreoirí agus na Ballstáit, de réir mar is infheidhme, cleachtais tionscail úrscothacha agus bainfidh siad úsáid as na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil chun astaíochtaí meatáin a thomhas agus a chainníochtú.
I gcás ina dtuairiscíonn oibreoirí nó Ballstáit astaíochtaí meatáin faoi chuimsiú comhaontuithe idirnáisiúnta nó réigiúnacha a bhfuil an tAontas nó an Ballstát ábhartha ina pháirtí iontu, féadfar a áireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear sa mhí seo an fhaisnéis a thuairiscítear faoi chuimsiú na gcomhaontuithe sin.
Maidir le tuarascálacha a bhaineann le toibreacha neamhghníomhacha agus toibreacha atá líonta go sealadach agus atá lonnaithe i mBallstáit ina bhfuil 40 000 tobar nó níos mó, bídís neamhghníomhach, líonta go sealadach nó líonta agus tréigthe go buan, déanfar iad a thíolacadh faoi 12 mhí tar éis gach ceann de na toibreacha a áireamh san fhardal agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin.
|
|
Airteagal 18 4
|
4. I gcás ina soláthraítear do na húdaráis inniúla cainníochtú ar astaíochtaí meatáin agus, i gcás inarb ann do threalamh faireacháin brú, sonraí faireacháin brú a chruthaíonn nach raibh aon astaíochtaí meatáin ó thobar ar tír atá líonta go shealadach le linn na 5 bliana deireanacha, scoirfidh mír 3 d’fheidhm a bheith aici maidir leis an tobar sin.
I gcás ina soláthraítear do na húdaráis inniúla cainníochtú ar astaíochtaí meatáin agus, i gcás inarb ann do threalamh faireacháin brú, sonraí faireacháin brú lena gcruthaítear nach raibh aon astaíochtaí meatáin ó thobar neamhghníomhach amach ón gcósta nó ó thobar amach ón gcósta atá líonta go sealadach le 3 bliana anuas, scoirfidh mír 3 d’fheidhm a bheith aici maidir leis an tobar sin.
|
|
Airteagal 18 5
|
5. I gcás ina soláthraítear do na húdaráis inniúla fianaise iontaofa maidir le méideanna ábhartha na n-astaíochtaí meatáin i dtobar neamhghníomhach amach ón gcósta nó i dtobar atá líonta go sealadach tar éis na tréimhse dá dtagraítear i mír 4 nó i dtobar atá líonta go buan agus atá tréigthe agus i gcás inar dhearbhaigh tríú páirtí neamhspleách an fhianaise sin, déanfaidh na húdaráis inniúla cinneadh maidir leis na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir leis na toibreacha atá líonta go sealadach.
|
|
Airteagal 18 6
|
6. I gcás ina mbraitear astaíochtaí meatáin i dtoibreacha neamhghníomhacha, i dtoibreacha atá líonta go sealadach nó i dtoibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe, déanfaidh na Ballstáit nó an páirtí atá freagrach de bhun mhír 8 gach beart is gá atá ar fáil dóibh chun an tobar sin a leigheas, a athshlánú agus a líonadh go buan, de réir mar is infheidhme, i gcás inarb indéanta go teicniúil agus tionchar comhshaoil na n-oibreacha riachtanacha á chur san áireamh i bhfianaise an laghdaithe ghaolmhair ar na hastaíochtaí meatáin.
|
|
Airteagal 18 7
|
7. Sula gcuirfear faoi bhráid na n-údarás inniúil iad, déanfaidh fíoraitheoir measúnú ar na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus áireofar iontu ráiteas fíoraithe a eiseofar i gcomhréir le hAirteagal 8.
|
|
Airteagal 18 8
|
8. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh na hoibreoirí na hoibleagáidí a leagtar síos i míreanna 3 go 7 agus i mír 9. I gcás ina ndéanfaidh oibreoir, úinéir, ceadúnaí nó páirtí atá freagrach ar shlí eile as an tobar faoin dlí náisiúnta fianaise imleor iontaofa a sholáthar don údarás inniúil chun a léiriú nach bhfuil dóthain acmhainní airgeadais aige chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh nó i gcás nach féidir an páirtí atá freagrach a aithint, is ar an mBallstát a bheidh an fhreagracht as na hoibleagáidí sin.
|
|
Airteagal 18 9
|
9. Faoin 5 Lúnasa 2026, déanfaidh na Ballstáit nó an páirtí atá freagrach de bhun mhír 8, plean maolúcháin a ullmhú chun toibreacha neamhghníomhacha agus toibreacha atá líonta go sealadach a leigheas, a athshlánú agus a líonadh go buan, lena n-áirítear ar a laghad na heilimintí a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V, agus cuirfidh siad chun feidhme é laistigh de 12 mhí ó tíolacadh an chéad tuarascáil dá dtagraítear i mír 3.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás inar féidir le Ballstát nó an páirtí freagrach de bhun mhír 8 a thaispeáint nach féidir an plean maolúcháin sin a chur chun feidhme laistigh den spriocdháta sin mar gheall ar chúinsí sábháilteachta, riaracháin nó teicniúla, féadfaidh sé a chur chun feidhme a chur siar. Áireofar sa phlean maolúcháin an fhianaise uile is gá lena dtugtar údar le cinneadh den sórt sin. I gcásanna den sórt sin, déanfar an cur chun feidhme a luaithe is féidir agus áiritheofar nach mbeidh an dáta deiridh le haghaidh na ngníomhaíochtaí maolúcháin do gach tobar níos faide ná 3 bliana ó thíolacadh na chéad tuarascála dá dtagraítear i mír 3
Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an bpáirtí freagrach an plean maolúcháin a leasú agus ceanglais an Rialacháin seo á gcur san áireamh.
Déanfaidh na Ballstáit nó an páirtí freagrach de bhun mhír 8 an plean maolúcháin a thabhairt cothrom le dáta go rialta, i gcomhréir leis an bhfardal dá dtagraítear i mír 1 agus na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 agus le haon athruithe nó le haon fhaisnéis nua a dhíorthaítear astu, agus bunaithe ar mheasúnú stóinsithe agus na torthaí eolaíocha is cothroime le dáta agus na teicnící is fearr atá ar fáil á gcur san áireamh.
Sna pleananna maolúcháin, bainfear úsáid as an bhfardal dá dtagraítear i mír 1 agus na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 chun tosaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí a chinneadh, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
toibreacha a leigheas, a athshlánú agus a líonadh go buan;
|
|
(b)
|
bóithre rochtana gaolmhara nó an ithir faoi uisce ina dtimpeall, de réir mar is infheidhme, a athshlánú;
|
|
(c)
|
talamh, uisce, grinneall agus gnáthóg a ndearnadh dochar dóibh leis na toibreacha agus na hoibríochtaí roimhe seo a athshlánú;
|
|
(d)
|
faireachán chun a áirithiú nach foinse astaíochtaí meatáin iad toibreacha atá líonta i gcomhréir leis an Airteagal seo.
|
|
|
Airteagal 18 10
|
10. Déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú ar na tuarascálacha agus ar na pleananna maolúcháin dá dtagraítear san Airteagal seo agus cuirfidh siad iad ar fáil don phobal agus don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 5(4), laistigh de 3 mhí ó thíolaic oibreoir plean maolúcháin nó ó chuir Ballstát i gcrích é.
|
|
Airteagal 18 11
|
11. Gan dochar do Threoracha 2008/56/CE agus 2013/30/AE, féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh toibreacha ola agus gáis amach ón gcósta atá suite ar dhoimhneacht uisce is mó ná 700 méadar a dhíolmhú ó na ceanglais faoi mhír 3 nó faoi mhír 9 den Airteagal seo, más féidir fianaise láidir a chur ar fáil a léiríonn gur rídhócha gur diomaibhseach an tionchar ar an aeráid a bheidh ag astaíochtaí meatáin a d’fhéadfadh teacht ó na toibreacha sin.
|
|
Airteagal 18 12
|
12. Gan dochar do Threoracha 2008/56/CE agus 2013/30/AE, agus faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil, féadfar toibreacha amach ón gcósta atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe atá suite ar dhoimhneacht uisce idir 200 agus 700 méadar a dhíolmhú ó na ceanglais faoi mhír 3 nó 9 den Airteagal seo, i gcás inar féidir leis an oibreoir a léiriú gur rídhócha gur diomaibhseach an tionchar ar an aeráid a bheidh ag astaíochtaí meatáin a d’fhéadfadh teacht ó na toibreacha sin trí thagairt a dhéanamh do mheasúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol a rinneadh roimh dhruileáil nó tar éis tionóiscí le linn oibríochtaí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1787
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|