6. I gcás ina mbraitear astaíochtaí meatáin i dtoibreacha neamhghníomhacha, i dtoibreacha atá líonta go sealadach nó i dtoibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe, déanfaidh na Ballstáit nó an páirtí atá freagrach de bhun mhír 8 gach beart is gá atá ar fáil dóibh chun an tobar sin a leigheas, a athshlánú agus a líonadh go buan, de réir mar is infheidhme, i gcás inarb indéanta go teicniúil agus tionchar comhshaoil na n-oibreacha riachtanacha á chur san áireamh i bhfianaise an laghdaithe ghaolmhair ar na hastaíochtaí meatáin.