1. I gcás mianaigh ghuail faoi thalamh, déanfaidh oibreoirí mianaigh tomhas agus cainníochtú leanúnach díreach ar an leibhéal foinse ar gach seafta aerála sceite. Tuairisceoidh oibreoirí mianaigh do na húdaráis inniúla maidir le hastaíochtaí meatáin in aghaidh an tseafta aerála in aghaidh na bliana i gcileathona meatáin, trí úsáid a bhaint as trealamh agus as modheolaíochtaí as a n-eascraíonn cruinneas tomhais le lamháltas 0,5 cileathona de mheatán in aghaidh na bliana nó 5 % den mhéid tuairiscithe, pé acu luach is ísle.