6. Cuirfear tuarascálacha ina bhfuil meastacháin ar shonraí maidir le hastaíochtaí meatáin bliantúla ar leibhéal foinse faoi bhráid na n-údarás inniúil faoin 5 Lúnasa 2026 agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin.
Cumhdófar leis na tuarascálacha sin an bhliain féilire is déanaí atá ar fáil agus áiritheofar iontu na heilimintí a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn VIII.
Sula gcuirfear faoi bhráid na n-údarás inniúil iad, déanfaidh fíoraitheoir measúnú ar na tuarascálacha dá dtagraítear sa mhír seo. Áireofar iontu ráiteas fíorúcháin arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 8.