1. Faoin 5 Bealtaine 2025 agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin, soláthróidh allmhaireoirí an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IX d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe. I gcás ina mainníonn allmhaireoirí an fhaisnéis sin a sholáthar, go hiomlán nó go páirteach, tabharfaidh siad údar maith le mainneachtain den sórt sin do na húdaráis inniúla agus leagfaidh siad amach na gníomhaíochtaí a rinne siad chun an fhaisnéis sin a fháil.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Rialachán seo a leasú trí mhodhnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a cheanglaítear ar allmhaireoirí a sholáthar.