2. I gcás conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 4 Lúnasa 2024 maidir le soláthar amhola, gáis nádúrtha nó guail arna dtáirgeadh lasmuigh den Aontas, déanfaidh allmhaireoirí gach iarracht réasúnta chun a éileamh go mbeidh amhola, gás nádúrtha nó gual faoi réir bearta faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a chuirtear i bhfeidhm ar leibhéal an táirgeora atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach sa Rialachán seo. Féadfar leasú ar na conarthaí sin a áireamh sna hiarrachtaí sin.
Ón 1 Eanáir 2027, cuirfidh allmhaireoirí údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe ar an eolas gach bliain maidir le torthaí na n-iarrachtaí sin, mar chuid den fhaisnéis atá le soláthar de bhun Airteagal 27(1) agus, i gcás mainneachtana, tabharfaidh siad údar maith le mainneachtain den sórt sin do na húdaráis inniúla sin agus leagfaidh siad amach na gníomhaíochtaí a rinne siad mar chuid de na hiarrachtaí sin.