4. Faoin 5 Lúnasa 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a leagan amach chun déine meatáin i dtáirgeadh amhola, gáis nádúrtha agus guail a chuirtear ar mhargadh an Aontais a ríomh, ar leibhéal an táirgeora. Cuirfear san áireamh sa mhodheolaíocht sin próisis táirgthe éagsúla agus dálaí láithreáin éagsúla, chomh maith leis na modheolaíochtaí idirnáisiúnta agus an dea-chleachtas atá ann cheana chun déine meatáin a ríomh. Beidh an mhodheolaíocht sin neamh-idirdhealaitheach agus beidh sí bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus oibiachtúla. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á n-ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún an Grúpa Comhordaithe le haghaidh táirgí ola agus peitriliam, an Grúpa Comhordaithe Gáis, an Grúpa Comhordaithe Leictreachais agus geallsealbhóirí ábhartha eile ar an eolas faoi.