+Airteagal 29 Déine meatáin i dtáirgeadh amhola, gáis nádúrtha agus guail
---+Airteagal 29 1
---+Airteagal 29 2
---+Airteagal 29 3
---+Airteagal 29 4
---+Airteagal 29 5
---+Airteagal 29 6
|
Airteagal 29 Déine meatáin i dtáirgeadh amhola, gáis nádúrtha agus guail
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1
|
1. Faoin 5 Lúnasa 2028 agus gach bliain ina dhiaidh sin, maidir leis na conarthaí soláthair arna dtabhairt i gcrích nó arna n-athnuachan an 4 Lúnasa 2024 nó ina dhiaidh sin, tuairisceoidh táirgeoirí de chuid an Aontais agus, de bhun Airteagal 27(1), allmhaireoirí de chuid an Aontais d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe déine meatáin tháirgeadh na hamhola, an gháis nádúrtha agus an ghuail a chuireann siad ar mhargadh an Aontais arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach de bhun mhír 4 den Airteagal seo.
Maidir le conarthaí soláthair a tugadh i gcrích roimh an 4 Lúnasa 2024, déanfaidh táirgeoirí an Aontais agus, de bhun Airteagal 27(1), allmhaireoirí an Aontais, gach iarracht réasúnta déine meatáin tháirgeadh na hamhola, an gháis nádúrtha agus an ghuail a chuireann siad ar mhargadh an Aontais a thuairisciú d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach de bhun mhír 4 den Airteagal seo. Ón 5 Lúnasa 2028, tabharfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí an Aontais a chuireann amhola, gás nádúrtha nó gual ar mhargadh an Aontais tuarascáil bhliantúil d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe maidir le torthaí na n-iarrachtaí sin.
|
|
Airteagal 29 2
|
2. Faoin 5 Lúnasa 2030 agus gach bliain ina dhiaidh sin, léireoidh táirgeoirí agus allmhaireoirí an Aontais a chuireann amhola, gás nádúrtha agus gual ar mhargadh an Aontais faoi chonarthaí soláthair arna dtabhairt i gcrích nó arna n-athnuachan tar éis an 5 Lúnasa 2030 d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe go bhfuil déine meatáin tháirgeadh na hamhola, an gháis nádúrtha agus an ghuail a chuireann siad ar mhargadh an Aontais, arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach de bhun mhír 4, faoi bhun na n-uasluachanna déine meatáin arna mbunú i gcomhréir le mír 6 chun laghduithe ar astaíochtaí meatáin domhanda le haghaidh na dtáirgí sin a chur chun cinn.
|
|
Airteagal 29 3
|
3. Cosnóidh údaráis inniúla na mBallstát rúndacht na faisnéise a fhaightear ó tháirgeoirí agus ó allmhaireoirí an Aontais faoin Airteagal seo, i gcomhréir le dlí an Aontais. Soláthróidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin don Choimisiún, a chosnóidh rúndacht faisnéise den sórt sin, i gcomhréir le dlí an Aontais.
|
|
Airteagal 29 4
|
4. Faoin 5 Lúnasa 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a leagan amach chun déine meatáin i dtáirgeadh amhola, gáis nádúrtha agus guail a chuirtear ar mhargadh an Aontais a ríomh, ar leibhéal an táirgeora. Cuirfear san áireamh sa mhodheolaíocht sin próisis táirgthe éagsúla agus dálaí láithreáin éagsúla, chomh maith leis na modheolaíochtaí idirnáisiúnta agus an dea-chleachtas atá ann cheana chun déine meatáin a ríomh. Beidh an mhodheolaíocht sin neamh-idirdhealaitheach agus beidh sí bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus oibiachtúla. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á n-ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún an Grúpa Comhordaithe le haghaidh táirgí ola agus peitriliam, an Grúpa Comhordaithe Gáis, an Grúpa Comhordaithe Leictreachais agus geallsealbhóirí ábhartha eile ar an eolas faoi.
|
|
Airteagal 29 5
|
5. Faoin 5 Lúnasa 2029, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag leibhéil éagsúla uasluachanna déine meatáin a bhaineann le hamhola, gáis nádúrtha agus guail a chuirtear ar mhargadh an Aontais ar leibhéal an táirgeora, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar sa tuarascáil sin measúnú ar an laghdú a d’fhéadfadh a bheith ann ar astaíochtaí meatáin domhanda, ar an tionchar ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus ar iomaíochas gheilleagar an Aontais, agus ar an saobhadh margaidh domhanda agus réigiúnach a d’fhéadfadh a bheith ann. Áireofar sa tuarascáil sin freisin measúnú margaidh maidir le déine meatáin na soláthairtí reatha agus na soláthairtí a bheidh ann amach anseo chuig an Aontas go dtí 2049 trí chonarthaí fadtéarmacha agus spotcheannacháin araon. Déanfar anailís sa mheasúnú sin ar an staid in aghaidh an Bhallstáit, agus gealltanais chonarthacha a tugadh roimh an 4 Lúnasa 2024, acmhainneachtaí bonneagair fuinnimh agus srianta féideartha á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 29 6
|
6. Ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 5 agus ar chritéir oibiachtúla, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na huasluachanna déine meatáin a bhaineann leis an amhola, an gás nádúrtha agus an gual a chuirtear ar mhargadh an Aontais ar leibhéal an táirgeora a leagan amach. Beidh na gníomhartha tarmligthe sin comhsheasmhach leis an modheolaíocht chun déine meatáin tháirgeadh na hamhola, an gháis nádúrtha agus an ghuail a chuirtear ar mhargadh an Aontais a ríomh a leagtar amach i gcomhréir leis an Airteagal seo. Sonrófar sna gníomhartha tarmligthe sin freisin aicmí éagsúla déine meatáin le haghaidh amhola, gás nádúrtha agus guail. Déanfar na huasluachanna déine meatáin sin a chinneadh ar leithligh le haghaidh amhola, gás nádúrtha agus guail, lena gcumhdófar an aicme nó na haicmí is fearr feidhmíocht. Cuirfear san áireamh sna huasluachanna déine meatáin sin agus sna haicmí déine meatáin sin na foinsí, na próisis táirgthe agus na dálaí láithreáin éagsúla agus socrófar iad ar leibhéil lena gcuirtear chun cinn laghduithe ar astaíochtaí meatáin domhanda i ndáil leis an amhola, an gás nádúrtha agus an gual a chuirtear ar mhargadh an Aontais, agus slándáil an tsoláthair fuinnimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta á caomhnú ag an am céanna, lena n-áiritheofar dáileadh cothrom na méideanna amhola, gáis nádúrtha agus guail a chuirtear ar mhargadh an Aontais chomh maith le cóireáil neamh-idirdhealaitheach, agus lena gcosnaítear iomaíochas gheilleagar an Aontais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1787
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|