1. Faoin 5 Feabhra 2026, déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí trédhearcachta meatáin a bhunú agus a choinneáil ar bun, lena n-áirítear faisnéis ábhartha faoi na Ballstáit agus faoi thríú tíortha, faoi ghnóthais, faoi allmhaireoirí agus faoi mhéideanna amhola, gáis nádúrtha agus guail a chuirtear ar mhargadh an Aontais, go háirithe an fhaisnéis a chuirtear faoina bhráid de bhun Airteagal 12(8), Airteagal 18(10), Airteagal 20(7), Airteagal 23(2), Airteagal 25(8), Airteagal 27(2), Airteagal 28(4) agus Airteagal 29(3).