1. Iarrfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) go (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
astaíochtaí meatáin dá dtagraítear in Airteagal 12(5) a thomhas agus a chainníochtú;
|
|
(b)
|
suirbhéanna LDAR dá dtagraítear in Airteagal 14(1);
|
|
(c)
|
trealamh dá dtagraítear in Airteagal 15(3) agus (5);
|
|
(d)
|
astaíochtaí meatáin dá dtagraítear in Airteagal 18(3) a chainníochtú; agus
|
|
(e)
|
astaíochtaí meatáin dá dtagraítear in Airteagal 20(4) agus Airteagal 25(2) a thomhas agus a chainníochtú.
|
Ar dhréachtchaighdeán a fháil ó eagraíocht Eorpach um chaighdeánú, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a chomhréireacht leis an iarraidh ábhartha ar chaighdeánú, leis an Rialachán seo agus le dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chaighdeáin éigeantacha, nó codanna díobh, dá dtagraítear sa mhír seo a bhunú.