2. I gcás nár glacadh aon ghníomh tarmligthe i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shaintreoracha teicniúla éigeantacha, nó codanna díobh, a bhunú chun na gcríoch seo a leanas:
|
(a)
|
astaíochtaí meatáin dá dtagraítear in Airteagal 12(5) a thomhas agus a chainníochtú;
|
|
(b)
|
suirbhéanna LDAR dá dtagraítear in Airteagal 14(1);
|
|
(c)
|
trealamh dá dtagraítear in Airteagal 15(3) agus (5);
|
|
(d)
|
astaíochtaí meatáin dá dtagraítear in Airteagal 18(3) a chainníochtú; agus
|
|
(e)
|
astaíochtaí meatáin dá dtagraítear in Airteagal 20(4) agus Airteagal 25(2) a thomhas agus a chainníochtú.
|
Ní fhéadfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh ach amháin i gcás ina mbeidh iarraidh ar chaighdeánú eisithe aige do cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus go gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
nach bhfuil glactha leis an iarraidh;
|
|
(b)
|
nár seachadadh na caighdeáin arna n-iarraidh laistigh den sprioc-am a leagadh síos;
|
|
(c)
|
nach gcomhlíonann na caighdeáin arna bhforbairt ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú an iarraidh; nó
|
|
(d)
|
meastar nach leor na caighdeáin a d’fhorbair an eagraíocht Eorpach um chaighdeánú chun ceanglais an Rialacháin seo a chumhdach, go hiomlán nó i bpáirt.
|