+Airteagal 19 Ioncam oibreoirí córais tarchuir
---+Airteagal 19 1
---+Airteagal 19 2
---+Airteagal 19 3

Airteagal 19 Ioncam oibreoirí córais tarchuir

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 19 1

1.   Ón 5 Lúnasa 2025, áiritheoidh an t-údarás rialála ábhartha trédhearcacht na modheolaíochtaí, na bparaiméadar agus na luachanna a úsáidtear chun ioncam ceadaithe nó sprioc-ioncam oibreoirí córais tarchuir a chinneadh. Foilseoidh an t-údarás rialála an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, nó ceanglóidh sé ar an oibreoir córais tarchuir ábhartha an foilsiú sin a dhéanamh faoi réir cosaint sonraí a mheasann an t-údarás rialála ábhartha a bheith íogair ó thaobh na tráchtála de. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i bhformáid atá inrochtana go héasca, in-íoslódáilte agus inléite amháin, agus a mhéid is féidir, i dteanga amháin nó níos mó a thuigtear go coiteann.

Airteagal 19 2

2.   Beidh costais an oibreora córais tarchuir faoi réir ag comparáid éifeachtúlachta idir oibreoirí córais tarchuir. Déanfaidh ACER an chomparáid éifeachtúlachta sin. Faoin 5 Lúnasa 2027 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh ACER staidéar ina ndéanfar comparáid idir éifeachtúlacht chostais oibreoirí córais tarchuir, faoi réir cosaint sonraí a mheasann ACER a bheith íogair ó thaobh na tráchtála de. Cuirfidh na húdaráis rialála ábhartha agus na hoibreoirí córais tarchuir na sonraí uile is gá le haghaidh na comparáide sin ar fáil do ACER. Nuair a bheidh ioncam ceadaithe nó sprioc-ioncam na n-oibreoirí córais tarchuir á shocrú go tréimhsiúil ag na húdaráis rialála ábhartha, cuirfidh siad an chomparáid sin agus na himthosca náisiúnta sin i gcuntas.

Airteagal 19 3

3.   Déanfaidh na húdaráis rialála ábhartha measúnú ar fhorbairt fhadtéarmach na dtaraifí tarchuir ar bhonn na n-athruithe ionchasacha ar an ioncam ceadaithe nó sprioc-ioncam agus ar an éileamh ar ghás nádúrtha laistigh den tréimhse rialála ábhartha, agus, i gcás ina mbeidh sé ar fáil, go dtí 2050. Chun an measúnú sin a dhéanamh cuirfidh an t-údarás rialála san áireamh an fhaisnéis faoin straitéis a dtugtar tuairisc uirthi i bplean comhtháite fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit lena mbaineann agus na cásanna ina bhfothacaítear an plean forbartha gréasáin arna fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 55 de Threoir (AE) 2024/1788.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.