+Airteagal 36 Acmhainn dhocht le haghaidh gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin chuig an gcóras dáileacháin
---+Airteagal 36 1
---+Airteagal 36 2

Airteagal 36 Acmhainn dhocht le haghaidh gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin chuig an gcóras dáileacháin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 36 1

1.   Áiritheoidh na hoibreoirí córais dáileacháin go mbeidh ann d’acmhainn dhocht le haghaidh na rochtana ag saoráidí táirgthe gás in-athnuaite agus gás ísealcharbóin ar a n-eangach. Chun na críche sin, déanfaidh na hoibreoirí córais dáileacháin, i gcomhar eatarthu féin agus leis na hoibreoirí córais tarchuir, nósanna imeachta agus socruithe a fhorbairt, lena n-áirítear infheistíochtaí, chun sreabhadh cúltreo a áirithiú ón ngréasán dáileacháin go dtí an gréasán tarchuir. Léireofar na mórinfheistíochtaí sa ghréasán tarchurtha gáis nádúrtha a eascraíonn as an ngá atá le hacmhainní breise sa ghréasán dáileacháin, sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana i gcomhréir le hAirteagal 55(2), pointe (a), de Threoir (AE) 2024/1788.

Airteagal 36 2

2.   Beidh mír 1 gan dochar don deis atá ag oibreoirí córais dáileacháin roghanna atá malartach ar infheistíochtaí cúltreo a fhorbairt, amhail réitigh eangaí cliste nó nasc le hoibreoirí córais eile. Féadfar rochtain ar acmhainn dhocht a theorannú d’acmhainní atá faoi réir srianta oibríochtúla, d’fhonn sábháilteacht bonneagair agus éifeachtúlacht eacnamaíoch a áirithiú. Áiritheoidh an t-údarás rialála go ndéanfaidh oibreoirí córais dáileacháin aon srianta in acmhainn dhocht nó aon srianta oibríochtúla a thabhairt isteach ar bhonn nósanna imeachta trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus nach gcruthóidh na srianta sin bacainní míchuí ar dhul isteach sa mhargadh. I gcás ina seasann an tsaoráid táirgthe na costais a bhaineann leis an acmhainn dhocht a áirithiú, ní bheidh feidhm ag aon teorainn.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.