+Airteagal 41 Cúraimí breise eintiteas AE do OCDanna
---+Airteagal 41 1
---+Airteagal 41 2
---+Airteagal 41 3
---+Airteagal 41 4
---+Airteagal 41 5

Airteagal 41 Cúraimí breise eintiteas AE do OCDanna

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 41 1

1.   Déanfaidh eintiteas AE do OCDanna na cúraimí a liostaítear in Airteagal 55(1), pointí (a) go (e), de Rialachán (AE) 2019/943 agus déanfaidh sé na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 55(2), pointí (c), (d) agus (e), den Rialachán sin freisin maidir le córais dáileacháin le haghaidh gréasáin dáilte gáis nádúrtha nó hidrigine.

Airteagal 41 2

2.   De bhreis ar na cúraimí a liostaítear in Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) 2019/943, glacfaidh eintiteas AE do OCDanna páirt i bhforbairt na gcód gréasáin arb ábhartha iad d’oibriú agus do phleanáil na n-eangach dáileacháin agus oibriú comhordaithe na ngréasán tarchuir agus dáileacháin de bhun an Rialacháin seo agus rannchuideoidh siad le maolú astaíochta idirleata meatáin ón gcóras gáis nádúrtha.

Agus é rannpháirteach i bhforbairt na gcód gréasáin nua de bhun Airteagal 71 den Rialachán seo, comhlíonfaidh eintiteas AE do OCDanna na ceanglais maidir le comhairliúchán a leagtar síos in Airteagal 56 de Rialachán (AE) 2019/943.

Airteagal 41 3

3.   De bhreis ar na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 55(2) de Rialachán (AE) 2019/943, déanfaidh eintiteas AE do OCDanna an méid seo a leanas:

(a)

rachaidh sé i gcomhar le ENTSO don Ghás agus le ENNOH maidir le faireachán ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte, arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, agus arb ábhartha iad d’oibriú agus do phleanáil na n-eangach dáileacháin le haghaidh gás nádúrtha agus hidrigine agus d’oibriú comhordaithe na ngréasán tarchuir agus na ngréasán dáileacháin agus na ngréasán tarchurtha hidrigine agus na ngréasán dáilte hidrigine;

(b)

rachaidh sé i gcomhar le ENTSO don Ghás agus le ENNOH, agus glacfaidh sé dea-chleachtais maidir le hoibriú agus pleanáil chomhordaithe na gcóras tarchuir agus dáileacháin agus na ngréasán tarchurtha agus dáilte hidrigine lena n-áirítear saincheisteanna amhail an malartú sonraí idir na hoibreoirí agus comhordú na n-acmhainní fuinnimh dáilte;

(c)

oibreoidh sé ar dhea-chleachtais a shainaithint le haghaidh cur chun feidhme thorthaí na measúnuithe de bhun Airteagal 23(1b) de Threoir (AE) 2018/2001 agus Airteagal 25 de Threoir (AE) 2023/1791 agus an comhoibriú idir oibreoirí córais dáileacháin leictreachais, oibreoirí córais dáilte gáis nádúrtha, oibreoirí gréasán dáilte hidrigine agus oibreoirí córas téimh agus fuaraithe ceantair lena n-áirítear chun críche measúnúcháin de bhun Airteagal 24(8) de Threoir (AE) 2018/2001, lena n-áirítear moltaí maidir le suiteáil iomchuí leictrealóirí d’fhonn a áirithiú go n-úsáidfear dramhtheas sa ghréasán téimh ceantair.

Airteagal 41 4

4.   Soláthróidh eintiteas AE do OCDanna ionchur do ENTSO do Ghás le haghaidh a thuarascála ar an gcáilíocht gáis maidir leis na córais dáileacháin i gcás ina bhfuil oibreoirí córais dáileacháin freagrach as an gcáilíocht gáis a bhainistiú, dá dtagraítear in Airteagal 26(3).

Airteagal 41 5

5.   Soláthróidh eintiteas AE do OCDanna ionchur do ENNOH, le haghaidh na tuarascála tuarascáil um fhaireachán cáilíochta hidrigine atá le glacadh de bhun Airteagal 59(1), pointe (j), den Rialachán seo maidir leis na gréasáin dáilte hidrigine i gcás ina bhfuil oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine freagrach as an gcáilíocht hidrigine a bhainistiú de bhun Airteagal 50 de Threoir (AE) 2024/1788.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.