+Airteagal 59 1

Airteagal 59 1

1.   Beidh na cúramaí seo a leanas ag ENNOH:

(a)

na cóid ghréasáin a fhorbairt sna réimsí a liostaítear in Airteagal 72 d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 57 a bhaint amach;

(b)

na cóid ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 72(1), pointe (f), a fhorbairt i gcomhpháirt le ENTSO don Ghás;

(c)

gach 2 bhliain, plean forbartha gréasán neamhcheangailteach 10 mbliana uile-Aontais le haghaidh hidrigine dá dtagraítear in Airteagal 60 (plean forbartha gréasán uile-Aontais le haghaidh hidrigine), lena n-áirítear tuar Eorpach ar leordhóthanacht soláthair, a ghlacadh agus a fhoilsiú;

(d)

oibriú i gcomhar le ENTSO don Leictreachas, le ENTSO don Ghás agus le heintiteas AE do OCDanna;

(e)

moltaí a fhorbairt d’oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine maidir lena gcomhar teicniúil le hoibreoirí gréasáin dáilte hidrigine agus le hoibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí córais dáileacháin san Aontas;

(f)

moltaí maidir le comhordú an chomhair theicniúil idir oibreoirí gréasáin san Aontas agus oibreoirí gréasáin hidrigine tríú tíortha a fhorbairt;

(g)

clár oibre bliantúil a ghlacadh;

(h)

tuarascáil bhliantúil a ghlacadh;

(i)

tuar bliantúil a ghlacadh maidir leis an soláthar hidrigine lena gcumhdófar na Ballstáit ina n-úsáidtear hidrigin chun leictreachas a ghiniúint;

(j)

tuarascáil um fhaireachán cáilíochta hidrigine a ghlacadh faoin 15 Bealtaine 2026 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, lena n-áirítear forbairtí agus tuartha maidir leis na forbairtí ionchasacha ar pharaiméadair cáilíochta hidrigine, chomh maith le faisnéis ar chásanna a bhaineann le difríochtaí idir sonraíochtaí cáilíochta hidrigine agus ar an gcaoi ar socraíodh na cásanna sin;

(k)

cibearshlándáil agus cosaint sonraí a chur chun cinn i gcomhar le húdaráis ábhartha agus le heintitis rialáilte;

(l)

dea-chleachtais a fhorbairt agus a chur chun cinn maidir le sceitheadh hidrigine a bhrath, faireachán a dhéanamh air, agus é a laghdú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.