+Airteagal 78 6

Airteagal 78 6

6.   Féadfar a chumhdach le díolúine acmhainne iomlán nó cuid d’acmhainn an bhonneagair nua, nó acmhainn iomlán nó cuid d’acmhainn an bhonneagair atá ann cheana le méadú suntasach acmhainne.

Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh díolúine a dheonú, breithneofar, ar bhonn cás ar chás, an gá atá le coinníollacha a fhorchur maidir le ré na díolúine agus maidir le rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an mbonneagar. Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh na gcoinníollacha sin, cuirfear san áireamh, go háirithe, an acmhainn bhreise a bheidh le tógáil nó an modhnú ar an acmhainn atá ann cheana, tréimhse réamh-mheasta an tionscadail agus dálaí náisiúnta.

Sula ndeonóidh sé díolúine, déanfaidh an t-údarás rialála cinneadh faoi na rialacha agus na sásraí maidir le hacmhainn a bhainistiú agus a leithdháileadh. Ceanglófar sna rialacha go n-iarrfar ar gach úsáideoir ionchasach de chuid an bhonneagair a spéis a léiriú in acmhainn ar conradh sula ndéanfar leithdháileadh acmhainne sa bhonneagar nua, lena n-áirítear dá úsáid féin. Ceanglóidh an t-údarás rialála go n-áireofar i rialacha um bainistiú ar phlódú an oibleagáid maidir le hacmhainn neamhúsáidte a thairiscint ar an margadh, agus ceanglóidh sé go mbeidh úsáideoirí an bhonneagair i dteideal a n-acmhainne conarthaí a thrádáil ar an margadh tánaisteach. Agus measúnú á dhéanamh aige ar na critéir dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (c) agus (f), cuirfidh an t-údarás rialála san áireamh torthaí an nós imeachta sin um leithdháileadh acmhainne.

Déanfar an cinneadh i leith díolúine, lena n-áirítear aon choinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír, a fhoilsiú agus beidh cúis chuí leis.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.