|
+Airteagal 84 (5) |
Airteagal 84 (5)cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: ‘Airteagal 8a Bearta maidir leis an gcibearshlándáil 1. Agus na pleananna gníomhaíochta coiscthí agus na pleananna éigeandála á mbunú, déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí a bhaineann leis an gcibearshlándáil a bhreithniú. 2. Tugtar de chumhacht don Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha earnáilsonracha le haghaidh gnéithe cibearshlándála na sreafaí gáis trasteorann a bhunú, lena n-áirítear rialacha maidir le ceanglais íosta chomhchoiteanna, pleanáil, faireachán, tuarascáil agus bainistiú géarchéime. 3. Chun críche na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhréachtú, oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an nGníomhaireacht, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), le ENTSOG agus le líon teoranta príomhpháirtithe leasmhara lena mbaineann, chomh maith le heintitis ag a bhfuil inniúlachtaí atá ann cheana sa chibearshlándáil, laistigh dá sainordú féin, amhail Lárionaid Oibríochta Slándála (SOCanna) atá ábhartha d’eintitis rialáilte, agus foirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí (CSIRTanna), dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2). (*2) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).’;" 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|