1. Chun críocha Airteagal 4(14) agus (15) agus Airteagal 5(11) agus (12), measfar gur chun leas sáraitheach an phobail iad pleanáil, tógáil agus oibriú gléasraí le haghaidh táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, nasc na ngléasraí sin leis an eangach agus an eangach ghaolmhar féin, agus sócmhainní stórála. Féadfaidh na Ballstáit iad a dhíolmhú ón gceanglas nach bhfuil teacht ar réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna faoi Airteagal 4(14) agus (15) agus Airteagal 5(11) agus (12), ar choinníoll:
|
(a)
|
go ndearnadh measúnú straitéiseach comhshaoil i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44); nó
|
|
(b)
|
go raibh siad faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45).
|