2. Cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm a mbeidh sé d’aidhm acu treocht mhéadaitheach ar an leibhéal náisiúnta a bhaint amach i gcás dhá cheann as trí cinn de na táscairí seo a leanas le haghaidh éiceachórais thalmhaíochta, mar a shonraítear a thuilleadh in Iarscríbhinn IV, a thomhaisfear sa tréimhse ón 18 Lúnasa 2024 go dtí an 31 Nollaig 2030, agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin, go dtí go mbainfear amach na leibhéil shásúla arna socrú i gcomhréir le hAirteagal 14(5):
|
(a)
|
innéacs an fhéileacáin féarthalún;
|
|
(b)
|
stoc an charbóin orgánaigh in ithreacha mianracha faoi thalamh curaíochta;
|
|
(c)
|
sciar na talún talmhaíochta ag a bhfuil gnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta.
|