4. Cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm a mbeidh sé d’aidhm acu ithreacha orgánacha in úsáid talmhaíochta, ar tailte móna draenáilte iad, a athchóiriú. Beidh na bearta sin i bhfeidhm ar an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
30 % de na limistéir sin faoi 2030, agus a ndéanfar an ceathrú cuid díobh ar a laghad a athfhliuchadh;
|
|
(b)
|
40 % de na limistéir sin faoi 2040, agus a ndéanfar an tríú cuid díobh ar a laghad a athfhliuchadh;
|
|
(c)
|
50 % de na limistéir sin faoi 2050, agus a ndéanfar an tríú cuid díobh ar a laghad a athfhliuchadh.
|
Féadfaidh na Ballstáit bearta athchóiriúcháin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear athfhliuchadh, i limistéir ina mbaintear móin agus na limistéir sin a áireamh mar limistéir lena rannchuidítear leis na spriocanna faoi seach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), a bhaint amach.
Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit bearta athchóiriúcháin a chur i bhfeidhm chun ithreacha orgánacha a athfhliuchadh arb éard atá iontu tailte móna silte faoi úsáidí talún seachas úsáid talmhaíochta agus baint móna, agus na limistéir athfhliuchta a áireamh mar limistéir lena rannchuidítear, suas le 40 % ar a mhéad, le baint amach na spriocanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c).
Leis na bearta athchóiriúcháin arb é atá iontu talamh móna a athfhliuchadh, lena n-áirítear na leibhéil uisce atá le baint amach, rannchuideofar le glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus leis an mbithéagsúlacht a mhéadú, agus imthosca náisiúnta agus áitiúla á gcur san áireamh ag an am céanna.
I gcás ina mbeidh údar cuí leis, féadfaidh Ballstát méid athfhliuchta na dtailte móna faoi úsáid talmhaíochta a laghdú go dtí níos lú ná mar a cheanglaítear faoin gcéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), den mhír seo más dócha go mbeadh tionchar diúltach suntasach ag an athfhliuchadh sin ar bhonneagar, ar fhoirgnimh, ar oiriúnú don athrú aeráide nó ar leasanna poiblí eile, agus mura féidir athfhliuchadh a dhéanamh ar thalamh eile seachas ar thalamh talmhaíochta. Cinnfear aon laghdú den chineál sin i gcomhréir le hAirteagal 14(8).
Leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit na spriocanna maidir le hathfhliuchadh a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), a bhaint amach, ní thugtar le tuiscint go bhfuil oibleagáid ar fheirmeoirí agus ar úinéirí talún príobháideacha a dtalamh a athfhliuchadh, a mbeidh athfhliuchadh ar thalamh talmhaíochta deonach ina leith i gcónaí, gan dochar d’oibleagáidí a eascraíonn as an dlí náisiúnta.
Déanfaidh na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, athfhliuchadh a dhreasú chun rogha tharraingteach a dhéanamh as d’fheirmeoirí agus d’úinéirí talún príobháideacha agus rochtain ar oiliúint agus ar chomhairle a chothú d’fheirmeoirí agus do gheallsealbhóirí eile maidir leis na tairbhí a bhaineann le talamh móna a athfhliuchadh agus maidir leis na roghanna a bhaineann le bainistiú talún ina dhiaidh sin agus le deiseanna gaolmhara.