+Airteagal 11 4

Airteagal 11 4

4.   Cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm a mbeidh sé d’aidhm acu ithreacha orgánacha in úsáid talmhaíochta, ar tailte móna draenáilte iad, a athchóiriú. Beidh na bearta sin i bhfeidhm ar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

30 % de na limistéir sin faoi 2030, agus a ndéanfar an ceathrú cuid díobh ar a laghad a athfhliuchadh;

(b)

40 % de na limistéir sin faoi 2040, agus a ndéanfar an tríú cuid díobh ar a laghad a athfhliuchadh;

(c)

50 % de na limistéir sin faoi 2050, agus a ndéanfar an tríú cuid díobh ar a laghad a athfhliuchadh.

Féadfaidh na Ballstáit bearta athchóiriúcháin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear athfhliuchadh, i limistéir ina mbaintear móin agus na limistéir sin a áireamh mar limistéir lena rannchuidítear leis na spriocanna faoi seach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), a bhaint amach.

Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit bearta athchóiriúcháin a chur i bhfeidhm chun ithreacha orgánacha a athfhliuchadh arb éard atá iontu tailte móna silte faoi úsáidí talún seachas úsáid talmhaíochta agus baint móna, agus na limistéir athfhliuchta a áireamh mar limistéir lena rannchuidítear, suas le 40 % ar a mhéad, le baint amach na spriocanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c).

Leis na bearta athchóiriúcháin arb é atá iontu talamh móna a athfhliuchadh, lena n-áirítear na leibhéil uisce atá le baint amach, rannchuideofar le glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus leis an mbithéagsúlacht a mhéadú, agus imthosca náisiúnta agus áitiúla á gcur san áireamh ag an am céanna.

I gcás ina mbeidh údar cuí leis, féadfaidh Ballstát méid athfhliuchta na dtailte móna faoi úsáid talmhaíochta a laghdú go dtí níos lú ná mar a cheanglaítear faoin gcéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), den mhír seo más dócha go mbeadh tionchar diúltach suntasach ag an athfhliuchadh sin ar bhonneagar, ar fhoirgnimh, ar oiriúnú don athrú aeráide nó ar leasanna poiblí eile, agus mura féidir athfhliuchadh a dhéanamh ar thalamh eile seachas ar thalamh talmhaíochta. Cinnfear aon laghdú den chineál sin i gcomhréir le hAirteagal 14(8).

Leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit na spriocanna maidir le hathfhliuchadh a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), a bhaint amach, ní thugtar le tuiscint go bhfuil oibleagáid ar fheirmeoirí agus ar úinéirí talún príobháideacha a dtalamh a athfhliuchadh, a mbeidh athfhliuchadh ar thalamh talmhaíochta deonach ina leith i gcónaí, gan dochar d’oibleagáidí a eascraíonn as an dlí náisiúnta.

Déanfaidh na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, athfhliuchadh a dhreasú chun rogha tharraingteach a dhéanamh as d’fheirmeoirí agus d’úinéirí talún príobháideacha agus rochtain ar oiliúint agus ar chomhairle a chothú d’fheirmeoirí agus do gheallsealbhóirí eile maidir leis na tairbhí a bhaineann le talamh móna a athfhliuchadh agus maidir leis na roghanna a bhaineann le bainistiú talún ina dhiaidh sin agus le deiseanna gaolmhara.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1991
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.