+Airteagal 18 Bearta athchóiriúcháin a chomhordú in éiceachórais mhuirí
---+Airteagal 18 1
---+Airteagal 18 2
---+Airteagal 18 3
---+Airteagal 18 4

Airteagal 18 Bearta athchóiriúcháin a chomhordú in éiceachórais mhuirí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1

1.   Na Ballstáit sin a n-áirítear ina bpleananna athchóirithe náisiúnta bearta caomhnaithe atá le glacadh faoi chuimsiú CBI, bainfidh siad leas iomlán as na huirlisí a chuirtear ar fáil ann.

Airteagal 18 2

2.   I gcás ina n-áirítear sna pleananna athchóirithe náisiúnta bearta lena gceanglaítear moladh comhpháirteach a thíolacadh tríd an nós imeachta um réigiúnú faoi Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, déanfaidh na Ballstáit a ullmhaíonn na pleananna athchóirithe náisiúnta sin, i bhfianaise na spriocdhátaí dá bhforáiltear in Airteagal 5 den Rialachán seo, comhairliúcháin a thionscnamh ar bhealach tráthúil le Ballstáit eile a bhfuil leas díreach bainistíochta acu a ndéanann na bearta sin difear dóibh agus leis na Comhairlí Comhairleacha ábhartha faoi Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun comhaontú tráthúil maidir le haon mholtaí comhpháirteacha agus a dtíolacadh a chumasú. Chun na críche sin, áireoidh siad freisin sa phlean athchóirithe náisiúnta uainiú measta an chomhairliúcháin agus tíolacadh na moltaí comhpháirteacha.

Airteagal 18 3

3.   Déanfaidh an Coimisiún dul chun cinn a éascú agus faireachán a dhéanamh air maidir le moltaí comhpháirteacha a thíolacadh faoi CBI. Tíolacfaidh na Ballstáit na moltaí comhpháirteacha maidir leis na bearta caomhnaithe is gá chun rannchuidiú leis na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 5 a bhaint amach 18 mí ar a dhéanaí roimh an sprioc-am faoi seach.

Airteagal 18 4

4.   In éagmais moltaí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo roimh an sprioc-am faoi seach dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, maidir le bearta caomhnaithe atá riachtanach chun na hoibleagáidí faoi reachtaíocht chomhshaoil an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún lánúsáid a bhaint as na huirlisí dá bhforáiltear in Airteagal 11(4) den Rialachán sin de réir mar is iomchuí agus i gcás inarb iomchuí faoi na coinníollacha a leagtar amach ann.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1991
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.