+Airteagal 20 1
|
Airteagal 20 1
1. Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
an bhail agus an treocht i mbail atá ar na cineálacha gnáthóige agus an cháilíocht agus an treocht i gcáilíocht ghnáthóga na speiceas dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 5 sna limistéir atá faoi réir bearta athchóiriúcháin ar bhonn an fhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3), pointe (p);
|
|
(b)
|
limistéar an spáis ghlais uirbigh agus chlúdach téastair na gcrann uirbigh laistigh de limistéir éiceachórais uirbeacha, dá dtagraítear in Airteagal 8 agus arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 14(4);
|
|
(c)
|
dhá cheann ar a laghad de na táscairí bithéagsúlachta le haghaidh éiceachórais thalmhaíochta arna roghnú ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 11(2);
|
|
(d)
|
daonraí speiceas an éin talaimh feirme choitinn a liostaítear in Iarscríbhinn V;
|
|
(e)
|
an táscaire bithéagsúlachta le haghaidh éiceachórais foraoise dá dtagraítear in Airteagal 12(2);
|
|
(f)
|
sé cinn ar a laghad de na táscairí bithéagsúlachta le haghaidh éiceachórais foraoise arna roghnú ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 12(3);
|
|
(g)
|
flúirse agus éagsúlacht speiceas pailneoirí, de réir an mhodha arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 10(2);
|
|
(h)
|
an limistéar agus bail na limistéar a chumhdaítear leis na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II;
|
|
(i)
|
limistéar agus cáilíocht ghnáthóg na speiceas dá dtagraítear in Airteagail 4(7), agus 5(5);
|
|
(j)
|
fairsinge agus suíomh na limistéar ina bhfuil meathlú suntasach tagtha ar chineálacha gnáthóige agus ar ghnáthóga na speiceas agus na limistéar atá faoi réir bearta cúitimh arna ndéanamh faoi Airteagal 4(13), chomh maith le héifeachtacht na mbeart cúitimh chun a áirithiú nach mbeidh aon mheathlú ar chineálacha gnáthóige ná ar ghnáthóga na speiceas suntasach ar leibhéal gach réigiúin bhithgheografaigh ina gcríoch agus chun a áirithiú nach gcuirfear baint amach na spriocanna ná comhlíonadh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagail 1, 4 agus 5 i mbaol.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1991
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|