+Airteagal 20 Faireachán
---+Airteagal 20 1
---+Airteagal 20 2
---+Airteagal 20 3
---+Airteagal 20 4
---+Airteagal 20 5
---+Airteagal 20 6
---+Airteagal 20 7
---+Airteagal 20 8
---+Airteagal 20 9
---+Airteagal 20 10
---+Airteagal 20 11
---+Airteagal 20 12

Airteagal 20 Faireachán

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 20 1

1.   Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar an méid seo a leanas:

(a)

an bhail agus an treocht i mbail atá ar na cineálacha gnáthóige agus an cháilíocht agus an treocht i gcáilíocht ghnáthóga na speiceas dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 5 sna limistéir atá faoi réir bearta athchóiriúcháin ar bhonn an fhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3), pointe (p);

(b)

limistéar an spáis ghlais uirbigh agus chlúdach téastair na gcrann uirbigh laistigh de limistéir éiceachórais uirbeacha, dá dtagraítear in Airteagal 8 agus arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 14(4);

(c)

dhá cheann ar a laghad de na táscairí bithéagsúlachta le haghaidh éiceachórais thalmhaíochta arna roghnú ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 11(2);

(d)

daonraí speiceas an éin talaimh feirme choitinn a liostaítear in Iarscríbhinn V;

(e)

an táscaire bithéagsúlachta le haghaidh éiceachórais foraoise dá dtagraítear in Airteagal 12(2);

(f)

sé cinn ar a laghad de na táscairí bithéagsúlachta le haghaidh éiceachórais foraoise arna roghnú ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 12(3);

(g)

flúirse agus éagsúlacht speiceas pailneoirí, de réir an mhodha arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 10(2);

(h)

an limistéar agus bail na limistéar a chumhdaítear leis na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II;

(i)

limistéar agus cáilíocht ghnáthóg na speiceas dá dtagraítear in Airteagail 4(7), agus 5(5);

(j)

fairsinge agus suíomh na limistéar ina bhfuil meathlú suntasach tagtha ar chineálacha gnáthóige agus ar ghnáthóga na speiceas agus na limistéar atá faoi réir bearta cúitimh arna ndéanamh faoi Airteagal 4(13), chomh maith le héifeachtacht na mbeart cúitimh chun a áirithiú nach mbeidh aon mheathlú ar chineálacha gnáthóige ná ar ghnáthóga na speiceas suntasach ar leibhéal gach réigiúin bhithgheografaigh ina gcríoch agus chun a áirithiú nach gcuirfear baint amach na spriocanna ná comhlíonadh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagail 1, 4 agus 5 i mbaol.

Airteagal 20 2

2.   Cuirfear tús leis an bhfaireachán i gcomhréir le mír 1, pointe (a), a luaithe a chuirfear na bearta athchóiriúcháin i bhfeidhm.

Airteagal 20 3

3.   An faireachán i gcomhréir le mír 1, pointí (b), (c), (d), (e) agus (f), cuirfear tús leis an 18 Lúnasa 2024.

Airteagal 20 4

4.   Cuirfear tús leis an bhfaireachán i gcomhréir le mír 1, pointe (g), den Airteagal seo bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

Airteagal 20 5

5.   Cuirfear tús leis an bhfaireachán i gcomhréir le mír 1, pointe (j), den Airteagal seo a luaithe a chuirfear an fógra dá dtagraítear in Airteagal 4(13) faoi bhráid an Choimisiúin.

Airteagal 20 6

6.   Déanfar an faireachán i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b), gach 6 bliana ar a laghad. Déanfar an faireachán i gcomhréir le mír 1, pointe (c), i gcás inarb infheidhme, maidir le stoc an charbóin orgánaigh in ithreacha mianracha talún curaíochta agus an sciar den talamh talmhaíochta a bhfuil gnéithe tírdhreacha ardéagsúlachta acu, agus mír 1, pointe (f), i gcás inarb infheidhme, maidir leis an adhmad marbh ina sheasamh, an t-adhmad marbh atá ina luí, sciar na bhforaoisí a bhfuil struchtúr míchothrom acu, nascacht na bhforaoisí, an stoc carbóin orgánaigh, an sciar d’fhoraoisí arb iad speicis na gcrann dúchasach is mó atá iontu agus éagsúlacht na speiceas crann, ar a laghad gach 6 bliana, nó, i gcás inar gá chun meastóireacht a dhéanamh ar threochtaí méadaitheacha go dtí 2030, laistigh d’eatramh níos giorra. An faireachán i gcomhréir le mír 1, pointe (c), maidir le, i gcás inarb iomchuí, hinnéacs an fhéileacáin féarthalún, mír 1, pointe (d), maidir leis an innéacs coiteann éan talaimh feirme agus mír 1, pointe (e) maidir le hinnéacs na n-éan coiteann foraoise, agus mír 1, pointe (g) maidir le speicis pailneoirí, déanfar gach bliain é. Déanfar an faireachán i gcomhréir le mír 1, pointí (h) agus (i), gach 6 bliana ar a laghad agus déanfar é a chomhordú leis an timthriall tuairiscithe faoi Airteagal 17 de Threoir 92/43/CEE agus leis an measúnú tosaigh faoi Airteagal 17 de Threoir 2008/56/CE. Déanfar an faireachán i gcomhréir le mír 1, pointe (j) agus gach 3 bliana.

Airteagal 20 7

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán ar na táscairí le haghaidh éiceachórais thalmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 11(2), pointe (b), agus na táscairí le haghaidh éiceachórais foraoise dá dtagraítear in Airteagal 12(3), pointí (a), (b) agus (e), den Rialachán seo, ar bhealach atá comhsheasmhach leis an bhfaireachán a cheanglaítear faoi Rialacháin (AE) 2018/841 agus (AE) 2018/1999.

Airteagal 20 8

8.   Poibleoidh na Ballstáit na sonraí a ghintear leis an bhfaireachán a dhéantar faoin Airteagal seo, i gcomhréir le Treoir 2007/2/CE agus i gcomhréir leis na minicíochtaí faireacháin a leagtar amach i mír 6 den Airteagal seo.

Airteagal 20 9

9.   Oibreoidh córais faireacháin na mBallstát ar bhonn bunachar sonraí leictreonach agus córas faisnéise geografaí, agus déanfar uasmhéadú ar an rochtain ar shonraí agus ar sheirbhísí ó theicneolaíochtaí cianbhraiteachta, faire na cruinne (seirbhísí Copernicus), braiteoirí agus feistí in situ, nó sonraí eolaíochta na saoránach agus ar an úsáid a bhaintear as na sonraí agus na seirbhísí sin, agus bainfear leas as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an intleacht shaorga, ard-anailísiú sonraí agus ardphróiseáil sonraí.

Airteagal 20 10

10.   Faoin 31 Nollaig 2028, bunóidh an Coimisiún creat treorach chun na leibhéil shásúla dá dtagraítear in Airteagal 8(2) agus (3), Airteagal 10(1) agus Airteagal 11(2), a shocrú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

Airteagal 20 11

11.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:

(a)

na modhanna chun faireachán a dhéanamh ar na táscairí le haghaidh éiceachórais thalmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn IV a shonrú;

(b)

na modhanna chun faireachán a dhéanamh ar na táscairí le haghaidh éiceachórais foraoise a liostaítear in Iarscríbhinn VI a shonrú;

(c)

creat treorach a bhunú chun na leibhéil shásúla dá dtagraítear in Airteagal 12(2) agus (3) a shocrú.

Airteagal 20 12

12.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna (10) agus (11) den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1991
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.