+Airteagal 22 Leasuithe ar na hIarscríbhinní
---+Airteagal 22 1
---+Airteagal 22 2
---+Airteagal 22 3
---+Airteagal 22 4
---+Airteagal 22 5
---+Airteagal 22 6
---+Airteagal 22 7

Airteagal 22 Leasuithe ar na hIarscríbhinní

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 22 1

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun Iarscríbhinn I a leasú tríd an mbealach a ndéantar na cineálacha gnáthóige a ghrúpáil a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch agus chun an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur san áireamh.

Airteagal 22 2

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun Iarscríbhinn II a leasú tríd an méid seo a leanas a oiriúnú:

(a)

liosta na gcineálacha gnáthóige chun comhsheasmhacht a áirithiú le nuashonruithe ar aicmiú gnáthóg an chórais faisnéise Eorpaigh maidir leis an dúlra (EUNIS); agus

(b)

an chaoi a ndéantar na cineálacha gnáthóige a ghrúpáil de réir dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, agus an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur san áireamh.

Airteagal 22 3

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun Iarscríbhinn III a leasú trí liosta na speiceas muirí dá dtagraítear in Airteagal 5 a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

Airteagal 22 4

4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun Iarscríbhinn IV a leasú tríd an tuairisc ar na táscairí le haghaidh éiceachórais thalmhaíochta agus aonad agus modheolaíocht na dtáscairí sin a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

Airteagal 22 5

5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun Iarscríbhinn V a leasú trí liosta na speiceas a úsáidtear le haghaidh innéacs na n-éan coiteann talaimh feirme sna Ballstáit a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

Airteagal 22 6

6.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun Iarscríbhinn VI a leasú tríd an tuairisc ar na táscairí le haghaidh éiceachórais foraoise agus aonad agus modheolaíocht na dtáscairí sin a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

Airteagal 22 7

7.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun Iarscríbhinn VII a leasú chun trí na samplaí de bhearta athchóiriúcháin a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch agus chun an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1991
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.