+Airteagal 8 Modheolaíochtaí deimhniúcháin
---+Airteagal 8 1
---+Airteagal 8 2
---+Airteagal 8 3
---+Airteagal 8 4

Airteagal 8 Modheolaíochtaí deimhniúcháin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1

1.   Úsáidfidh oibreoir nó grúpa oibreoirí an mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme chun na critéir cháilíochta a leagtar síos in Airteagail 4 go 7 (‘modheolaíocht deimhniúcháin’) a chomhlíonadh.

Airteagal 8 2

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíochtaí deimhniúcháin a bhunú, lena sonrófar, i gcás gach gníomhaíochta, na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Tabharfaidh an Coimisiún tosaíocht do mhodheolaíochtaí deimhniúcháin a fhorbairt le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin arb iad is aibí, a bhfuil sé d’acmhainn acu na comhthairbhí is mó a sholáthar nó ar glacadh dlí de chuid an Aontais in leith atá ábhartha chun na modheolaíochtaí sin a fhorbairt.

I gcás gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin, mar chuid dá bheartú tosaíochta, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gcuireann na gníomhaíochtaí le bainistiú inbhuanaithe na talún talmhaíochta, na bhforaoisí agus na muirthimpeallachta.

I gcás stóráil carbóin i dtáirgí, tabharfaidh an Coimisiún tosaíocht do mhodheolaíochtaí deimhniúcháin le haghaidh táirgí foirgníochta adhmadbhunaithe agus bithbhunaithe.

Airteagal 8 3

3.   Le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 2, déanfar idirdhealú idir gníomhaíochtaí a bhaineann le buanaistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí agus déanfar idirdhealú breise idir na gníomhaíochtaí ar bhonn a saintréithe.

Déanfar an méid seo a leanas leis na modheolaíochtaí deimhniúcháin:

(a)

stóinseacht agus trédhearcacht aistrithe carbóin agus laghduithe astaíochtaí ithreach a áirithiú;

(b)

cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras a chur chun cinn;

(c)

rannchuidiú le slándáil bia an Aontais a áirithiú agus amhantraíocht talún a sheachaint;

(d)

iomaíochas na bhfeirmeoirí agus na n-úinéirí foraoise agus na mbainisteoirí foraoise san Aontas a chur san áireamh ar bhealach inbhuanaithe, go háirithe i gcás oibreoirí ar mionscála;

(e)

inbhuanaitheacht na bithmhaise a chur chun cinn i gcomhréir leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhithbhreoslaí, do bhithleachtanna agus do bhreoslaí bithmhaise a leagtar síos in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001;

(f)

a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis náisiúnta prionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Threoir (AE) 2018/2001;

(g)

a áirithiú go seachnófar éileamh neamh-inbhuanaithe ar amhábhar bithmhaise;

(h)

an t-ualach riaracháin agus airgeadais ar oibreoirí a íoslaghdú, go háirithe ar oibreoirí ar mionscála, agus an próiseas deimhniúcháin a choinneáil chomh simplí agus is féidir, agus éasca le húsáid;

(i)

a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar chásanna aisiompaithe trí shásraí dliteanais iomchuí amhail maoláin chomhchoiteanna nó sásraí árachais tosaigh agus, mar rogha dheireanach, na haonaid a chur ar ceal go díreach.

Airteagal 8 4

4.   Agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 á n-ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)

dlí ábhartha an Aontais agus an dlí ábhartha náisiúnta;

(b)

modheolaíochtaí agus caighdeáin deimhniúcháin ábhartha de chuid an Aontais agus modheolaíochtaí agus caighdeáin deimhniúcháin ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta; agus

(c)

an fhianaise eolaíoch is fearr atá ar fáil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 06.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3012
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.