+Airteagal 13 Scéimeanna deimhniúcháin a aithint
---+Airteagal 13 1
---+Airteagal 13 2
---+Airteagal 13 3
---+Airteagal 13 4

Airteagal 13 Scéimeanna deimhniúcháin a aithint

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1

1.   Ní fhéadfaidh oibreoir ná grúpa oibreoirí ach scéim deimhniúcháin atá aitheanta ag an gCoimisiún trí bhíthin cinnidh a úsáid chun comhlíonadh an Rialacháin seo a léiriú. Beidh cinneadh den sórt sin bailí ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana agus cuirfear ar fáil go poiblí é i gclárlann an Aontais.

Airteagal 13 2

2.   Tabharfaidh Ballstát fógra don Choimisiún maidir le hiarratas go n-aithneofaí scéim deimhniúcháin phoiblí.

Tabharfaidh ionadaí dlíthiúil de chuid scéime deimhniúcháin príobháidí fógra don Choimisiún maidir le hiarratas go n-aithneofaí an scéim deimhniúcháin phríobháideach sin.

Airteagal 13 3

3.   Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle go hiomchuí leis an scéim deimhniúcháin, cinneadh lena n-aithnítear an scéim sin de bhun mhír 1 den Airteagal seo a aisghairm i gcás nach gcuireann an scéim deimhniúcháin na rialacha a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 11(5) chun feidhme.

I gcás ina n-ardaíonn Ballstát nó aon pháirtí leasmhar eile ábhair imní a bhfuil bunús cuí leo nach n-oibríonn scéim deimhniúcháin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 11(5) atá mar bhonn do chinntí faoi mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún an cás a imscrúdú agus déanfaidh sé gníomhaíocht iomchuí, lena n-áirítear an cinneadh ábhartha a aisghairm.

Airteagal 13 4

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar amach struchtúr, formáid agus mionsonraí teicniúla na bpróiseas aitheantais agus fógartha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 06.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3012
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.