+Airteagal 14 Láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint
---+Airteagal 14 1
---+Airteagal 14 2
---+Airteagal 14 3

Airteagal 14 Láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 1

1.   Sainaithneoidh na Ballstáit go córasach láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe ar a gcríoch.

Airteagal 14 2

2.   Chun láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint, bunóidh na Ballstáit liosta de ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héilliú. Féadfar na gníomhaíochtaí sin a aicmiú a thuilleadh nó iad a chur in ord tosaíochta de réir a n-acmhainneachta a bheith ina gcúis le héilliú ithreach bunaithe ar fhianaise eolaíoch. Agus láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe á sainaithint ag na Ballstáit ar a gcríoch, cuirfidh siad na critéir seo a leanas san áireamh, i gcás inarb ábhartha:

(a)

gníomhaíocht a bhí á hoibriú nó atá á hoibriú faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le héilliú;

(b)

oibriú gníomhaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2010/75/AE;

(c)

oibriú bunaíochta dá dtagraítear i dTreoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48);

(d)

oibriú gníomhaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/35/CE;

(e)

tarlú, timpiste, anachain, tubaiste, teagmhas nó doirteadh a d’fhéadfadh a bheith ina chúis nó ina cúis le héilliú ithreach;

(f)

faisnéis ábhartha a thagann as an bhfaireachán ar shláinte ithreach arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 6 go 9.

Airteagal 14 3

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe arb ann dóibh an 16 Nollaig 2025 nó roimhe sin a shainaithint agus a thaifeadadh go cuí sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 17 faoin 17 Nollaig 2035.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 26.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L2360
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.