|
+Airteagal 15 |
Airteagal 15Airteagal 15 Próiseáil sonraí API agus sonraí eile PNR ag PIUnna Déanfaidh na PIUnna sonraí API agus sonraí eile PNR a tharchuirtear chuig PIUnna i gcomhréir leis an Rialachán seo a phróiseáil ina dhiaidh sin i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/681, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le próiseáil sonraí API agus sonraí eile PNR ag na PIUnna, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach in Airteagail 6, 10, 12 agus 13 den Treoir sin, agus chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus chun na gcríoch sin amháin. Ní dhéanfaidh na PIUnna ná údaráis inniúla eile, in imthosca ar bith, sonraí API ná sonraí eile PNR a phróiseáil chun críoch próifílithe, dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Threoir (AE) 2016/680. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|