|
+Airteagal 16 1. |
Airteagal 16 1.I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid chun sonraí API nó sonraí eile PNR a tharchur mar gheall ar chliseadh an ródaire, tabharfaidh eu-LISA fógra láithreach ar bhealach uathoibrithe do na haeriompróirí agus do na PIUnna faoin dodhéantacht theicniúil sin. Sa chás sin, déanfaidh eu-LISA bearta láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht an ródaire a úsáid ar chúiseanna teicniúla agus tabharfaidh sé fógra láithreach do na haeriompróirí agus do na PIUnna nuair a bheidh aghaidh tugtha go rathúil air. Le linn na tréimhse ama idir na fógraí sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(1), sa mhéid go gcuirtear cosc ar aistriú sonraí API nó sonraí eile PNR chuig an ródaire mar gheall ar an dodhéantacht theicniúil. Stórálfaidh aeriompróirí na sonraí API nó sonraí eile PNR go dtí go dtabharfar aghaidh go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil. A luaithe a bheidh aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, déanfaidh aeriompróirí na sonraí a aistriú chuig an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 5(1). I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid agus i gcásanna eisceachtúla a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo a fhágann gur gá do PIUnna sonraí API nó sonraí eile PNR a fháil láithreach le linn na dodhéantachta an ródaire a úsáid ar chúiseanna teicniúla, féadfaidh PIUnna iarraidh ar aeriompróirí úsáid a bhaint as aon mhodh iomchuí eile lena n-áirithítear an leibhéal slándála sonraí, cáilíochta sonraí agus cosanta sonraí is gá chun na sonraí API nó sonraí eile PNR a aistriú go díreach chuig na PIUnna. Déanfaidh na PIUnna na sonraí API nó sonraí eile PNR a fhaightear trí aon mhodh iomchuí eile a phróiseáil i gcomhréir leis na rialacha agus na coimircí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/681. Tar éis fógra a fháil ó eu-LISA gur tugadh aghaidh go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, agus i gcás ina ndeimhnítear i gcomhréir le hAirteagal 12(3) gur cuireadh tarchur na sonraí API nó na sonraí eile PNR tríd an ródaire chuig an PIU ábhartha i gcrích, scriosfaidh an PIU láithreach na sonraí API nó sonraí eile PNR a fuarthas trí aon mhodh iomchuí eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|