+Airteagal 36
---+Airteagal 36 1.
---+Airteagal 36 2.
---+Airteagal 36 3.
|
Airteagal 36
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 36 1.
|
Beidh aeriompróirí i dteideal an ródaire a úsáid chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Threoir 2004/82/CE nó sonraí eile PNR arna mbailiú de bhun Airteagal 8 de Threoir (AE) 2016/681 a tharchur chuig ceann amháin nó níos mó de na PIUnna freagracha, i gcomhréir leis na Treoracha sin, ar choinníoll gur chomhaontaigh an Ballstát lena mbaineann le húsáid den sórt sin, ó dháta iomchuí arna shocrú ag an mBallstát sin. Ní chomhaontóidh an Ballstát sin leis sin ach amháin tar éis dó a shuí, go háirithe maidir le nasc a PIU féin agus an aeriompróra lena mbaineann araon leis an ródaire, gur féidir an fhaisnéis a tharchur ar bhealach dleathach, slán, éifeachtach agus tapa.
|
|
Airteagal 36 2.
|
I gcás ina dtosaíonn aeriompróir ag úsáid an ródaire i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, leanfaidh sé d’úsáid a bhaint as an ródaire chun faisnéis den sórt sin a tharchur chuig PIU an Bhallstáit lena mbaineann go dtí dáta ábhartha chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 45, an dara fomhír. Scoirfear den úsáid sin, áfach, ó dháta iomchuí arna shocrú ag an mBallstát sin, i gcás ina measann an Ballstát sin go bhfuil cúiseanna oibiachtúla ann lena n-éilítear scor den sórt sin agus inar chuir sé an t-aeriompróir ar an eolas dá réir sin.
|
|
Airteagal 36 3.
|
Maidir leis an mBallstát lena mbaineann:
(a)
rachaidh sé i gcomhairle le eu-LISA sula gcomhaontóidh sé le húsáid dheonach an ródaire i gcomhréir le mír 1;
(b)
seachas i gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo, tabharfaidh sé deis don aeriompróir lena mbaineann a thuairim a thabhairt ar a rún go scoirfidh sé d’úsáid den sórt sin i gcomhréir le mír 2 agus, i gcás inarb ábhartha, rachaidh sé i gcomhairle le eu-LISA ina leith sin freisin;
(c)
cuirfidh sé eu-LISA agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon úsáid den sórt sin lenar chomhaontaigh sé agus faoi aon scor d’úsáid den sórt sin, tríd an bhfaisnéis uile is gá, lena n-áirítear dáta tosaithe na húsáide, dáta an scoir agus na cúiseanna leis an scor, de réir mar is infheidhme, a sholáthar.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0013
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|